Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Agus do bhí uathbhás ar chách mar gheall ar mhór‐chumhacht Dé. Agus nuair do bhí gach uile dhuine ag déanamh ionganta de gach nidh do bhí d’á dhéanamh aige, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

43 Agus bʼiontach leo uile é mórgacht Dé. Ach nuair a bhí siad ag déanamh iontais de gach aon ní dá ndearna sé, dúirt sé lena dheisceabail,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

43 Agus bhagair Íosa ar an spiorad neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, agus thug sé thar ais dá athair é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Achd do ghabh úathbhás cách uile trí mhórchumhachd Dé. Agus ar mbeith ag déanamh iongantus doibh uile ann gach uile ní da ndearnuidh Iósa, a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus do smachtuigh Íosa an deamhan truaillighthe, agus do leighis sé an buachaill, agus thug sé d’á athair é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

43 Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh dá dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

43 Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:43
14 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhíodar ’n‐a gcómhnaidhe sa nGaililé, adubhairt Íosa leo, Do‐bhéarfar Mac an Duine i lámhaibh daoine;


Agus do chuaidh sé suas chuca agus isteach sa mbád; agus do stad an ghaoth: agus do bhí iongnadh agus uathbhás ar a h‐inntinn;


Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia.


Agus do ghabh uathbhás iad uile, agus do bhíodar ag labhairt le chéile, g‐á rádh, Cad is ciall do’n chainnt seo? óir is le h‐ughdáras agus le cumhacht do‐bheir sé órdú do na spioraidibh neamh‐ghlana, agus tigeann siad amach.


Agus tháinig uathbhás ar chách, agus do bhíodar ag moladh Dé; agus do bhíodar lán d’eagla, g‐á rádh, Do chonnacamar neithe iongantacha indiu.


Óir do bhí uathbhás air féin, agus ortha‐san uile do bhí ’n‐a chuideachtain mas gheall ar an ngabháil éisc do bhí tógtha aca;


Agus adubhairt sé leo, Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Agus do bhí eagla ortha agus do bhí iongnadh mór ortha, agus iad g‐á rádh le n‐a chéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaothaibh agus do na tonnaibh féin, agus go n‐umhluighid dó?


Agus ag teacht chuige dhó, do leag an deamhan ar lár é, agus do tharraing sé as a chéile é. Acht do smachtuigh Íosa an spioraid neamh‐ghlan, agus do leigheas sé an buachaill, agus thug sé ar ais d’á athair é.


Óir ní finn‐scéalta fighte go cliste do leanamar nuair chuireamar i bhfios daoibh cumhacht agus teacht ár dTighearna Íosa Críost, acht is amhlaidh chonnacamar a mhórdhacht le n‐ár súilibh féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí