Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus ag teacht chuige dhó, do leag an deamhan ar lár é, agus do tharraing sé as a chéile é. Acht do smachtuigh Íosa an spioraid neamh‐ghlan, agus do leigheas sé an buachaill, agus thug sé ar ais d’á athair é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Nuair a bhí sé ag teacht chuige, réab an deamhan agus chuir i dtrithí é. Ach bhagair Íosa ar an sprid neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, gur thug ar ais dá athair é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus nuair a bhí sé ag teacht chuige, leag an deamhan é agus tharraing sé as a chéile é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus ad teachd chuige dhó, do bhúail an deamhan síos é, agus do tharruing sé as a cheile é. Achd do imdhearg Iósa an spiorad neamhglan, agus do leighis sé an leanabh, agus thug sé dhá athair fein é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus nuair a bhí sé ag teacht do leag an deamhan é, agus bhí sé ’ghá stracadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Agus le linn dó a bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtanna as go dalba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t-ógánach agus thug ar ais dá athair é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t‑ógánach agus thug ar ais dá athair é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:42
12 Tagairtí Cros  

Agus thugadar chuige é: agus nuair do chonnaic an spioraid é, ar an láthair do réab sí é go millteach, agus do thuit sé ar an talamh, agus é ag ionfairt, agus cubhar ar a bhéal.


Agus d’éirigh an duine marbh ’n‐a shuidhe, agus do thosnuigh sé ar labhairt.


agus féach, beireann spioraid air, agus screadann sé go h‐obann; agus tarraingeann sí as a chéile é, go gcuireann sé cubhar, agus is ar éigean fhágas sí é, acht í g‐á bhrúghadh go millteach.


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, A shliocht mhíchreidmhigh, chlaoin, cá fhad bhéas mé eadraibh, agus fhuilingeochas mé libh? tabhair chugam do mhac.


Agus do bhí uathbhás ar chách mar gheall ar mhór‐chumhacht Dé. Agus nuair do bhí gach uile dhuine ag déanamh ionganta de gach nidh do bhí d’á dhéanamh aige, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh,


Agus nuair do bhí fá thuairim cúig staid fichead nó deich staid fichead d’iomramh déanta aca, do chonnacadar Íosa ag siubhal ar an bhfairrge, ag tarraing i ngar do’n bhád: agus do bhí scannradh ortha.


Agus thug sé a lámh dí, agus do thóg sé ’n‐a seasamh í; agus ag glaodhach na naomh agus na mbaintreabhach dó, thug sé dhóibh í ’n‐a beathaidh.


Déanaidh gáirdeachas d’á bhrigh sin, a fhlaitheasa, agus sibh‐se chómhnuigheas ionnta. Is mairg do’n talamh agus do’n fhairrge: óir atá an diabhal imthighthe síos chugaibh, agus fearg mhór air, agus a fhios aige nach bhfuil acht tamall beag i ndán dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí