Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus tharla, nuair do bhí am a dheasgabhála ag teacht i ngiorracht dó, gur ghlac sé de rún daingean aghaidh do thabhairt ar Iarúsalem, agus do chuir sé teachtairí roimhe:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

51 Nuair a dhruid na laethanta leo a rabhthas lena ardú go neamh, thug sé a aghaidh go daingean ar Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

51 Agus thárla, nuair a bhí laethe a dheasgabhála dá gcríochnughadh, gur chuir sé a aghaidh go daingean ar dhul go h-Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Agus tárla, an tan do coímhliónadh laéthe a nglacfaidh súas é, gur chuir sé roimhe go daingion dul go Hiárusaléim.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabhála d’á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

51 Ansin, nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

51 Ansin, nuair a bhí an t‑am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:51
29 Tagairtí Cros  

Agus, tar a éis do’n Tighearna Íosa labhairt leo, do gabhadh suas ar neamh é, agus do shuidh sé síos ar dheas‐láimh Dé.


Acht atá agam baisteadh le n‐a mbaistfear mé; agus cad é an ceangal atá orm nó go gcóimhlíontar é!


Agus do ghluais sé roimhe tríd na cathrachaibh agus tríd na sráid‐bhailtibh, ag teagasc, agus é ag dul fá dhéin Iarúsalem.


Agus tharla, sa tslighe dhóibh ag dul go h‐Iarúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamária agus Ghalilé.


Agus do tharraing sé chuige an dáréag, agus adubhairt sé leo, Féach, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóimhlíonfar gach uile nidh d’á bhfuil scríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine.


Le linn éisteacha dhóibh leis an mhéid sin, do lean sé air, agus do labhair sé samhlaoid, óir do bhí sé i ngar d’Iarúsalem, agus do mheasadar‐san go raibh ríoghacht Dé le taidhbhsiú ar ball.


Agus nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do ghluais sé ar aghaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem.


Agus tharla, nuair do bhí sé g‐á mbeannachadh, gur scar sé leo, agus gur tógadh suas é ins na flaitheasaibh.


Agus sa tslighe dhóibh, adubhairt duine éigin leis, Leanfad‐sa thú cibé áit ’n‐a rachaidh tú.


Agus roimh fhéile na cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a thráth tagtha chum imtheacht as an saoghal so chum a Athar, ó thug sé grádh d’á mhuinntir féin do bhí sa tsaoghal, thug se grádh dhóibh go deireadh.


Tháinig mé amach ó’n Athair, agus tháinig mé ar an saoghal: atáim ag fágáil an tsaoghail arís, agus atáim ag dul chum an Athar.


Acht atáim ag dul anois chum an té do chuir uaidh mé; agus ní fhuil duine agaibh g‐á fhiafruighe dhíom, Cá bhfuilir ag dul?


Agus ní fhuilim‐se feasta ar an saoghal, agus atáid‐sean, ar an saoghal, agus atáim ag teacht chugat‐sa. A Athair Naomhtha, congbhuigh it’ ainm iad‐san thugais dom, chum go mba aon iad, amhail sinne.


Agus dá bhfeiceadh sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé ar dtús?


go dtí an lá ’n‐ar tógadh suas é, tar a éis dó aitheanta do thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na h‐abstalaibh do thogh sé;


Agus nuair adubhairt sé an méid sin, do tógadh suas é, agus iad ag amharc; agus do cheil scamall ar a radharc é.


nuair do thóg sé ó na marbhaibh é, agus do chuir sé ’n‐a shuidhe é ar a láimh dheis féin ins na h‐áiteannaibh neamhdha,


atáim ag rith fá dhéin an bháire, chum craoibhe árd‐ghairme Dé i nÍosa Críost.


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


ag féachaint chum Íosa, príomh‐ughdar agus críochnuightheoir ár gcreidimh; an té d’fhulaing an chroch, ar son an áthais do cuireadh roimhe, do chuir neamh‐shuim san náire, agus atá ’n‐a shuidhe ar dheis righ‐chathaoireach Dé.


mar a ndeachaidh Íosa isteach mar réimh‐theachtaire ar ár son, ’n‐a árd‐shagart dó go síorraidhe do réir úird Mhelcisedec.


atá ar dheasláimh Dé, tar a éis dó dul isteach ins na flaitheasaibh; na h‐aingle, agus na h‐ughdaráis, agus na cumhachta bheith curtha fá n‐a cheannas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí