Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:51 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabhála d’á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

51 Nuair a dhruid na laethanta leo a rabhthas lena ardú go neamh, thug sé a aghaidh go daingean ar Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

51 Agus thárla, nuair a bhí laethe a dheasgabhála dá gcríochnughadh, gur chuir sé a aghaidh go daingean ar dhul go h-Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus tharla, nuair do bhí am a dheasgabhála ag teacht i ngiorracht dó, gur ghlac sé de rún daingean aghaidh do thabhairt ar Iarúsalem, agus do chuir sé teachtairí roimhe:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Agus tárla, an tan do coímhliónadh laéthe a nglacfaidh súas é, gur chuir sé roimhe go daingion dul go Hiárusaléim.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

51 Ansin, nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

51 Ansin, nuair a bhí an t‑am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:51
29 Tagairtí Cros  

Agus an Tighearna Íosa, tar éis labhartha leó dhó, do tógadh suas ar neamh é, agus tá sé ’n-a shuidhe ar deasláimh Dé.


Agus tá agam baisteadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlionfar é!


Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhein Ierúsalem.


Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí;


Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d’á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine.


Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach.


Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem.


Agus le linn a bheannacht do chur ortha dhó, do dhruid sé uatha, agus do tógadh suas ins na flathais é.


Agus thárla, an fhaid a bhíodar ar an slígh, go ndubhairt duine éigin leis: Leanfad-sa thusa, a Thighearna, pé ball ’n-a ngeobhair.


Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.


Do ghluaiseas amach ó’n Athair, agus do thánagh ar an saoghal; táim ag fágáilt an tsaoghail airís, agus ag dul ag triall ar an Athair.


Ach níor innseas na neithe seo dhaoibh ó thusach, mar bhíos i nbhúr bhfochair. Agus anois táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé, agus ní’l aoinne agaibh ’ghá fhiafraighe dhíom: Cá bhfuilir ag imtheacht?


Agus nílim ar an saoghal feasda, agus táid siad so ar an saoghal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A Athair naomhtha, comieád, at’ ainim féin, an mhuintir a thugais dómh-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne.


Agus do thuig Íosa ann féin go raibh a dheisgiobuil ag gluaireán mar gheall ar an nídh sin, agus dubhairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoibh?


Go dtí an lá nar deasgabháladh é tar éis a aitheanta thabhairt do sna h-Aspolaibh a thoigh sé, tríd an Spioraid Naomh.


Agus nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige do tógadh suas é os cómair a súl agus do ghlac sgamall as a radharc é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí