Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:44 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus bhí uathbhás ar na daoine go léir tré mhór-chómhacht Dé. Agus nuair a bhíodar go léir ag déanamh iongna de sna gníomhartha a bhí aige ’á dhéanamh, dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Coimeádaidh-se cuimhne ar an gcaint sin i nbhúr gcroidhe: óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 “Téadh na briathra seo isteach go domhain in bhur gcluasa; mar tabharfar Mac an duine i lámha fear.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Agus ghabh uathbhás iad uilig fá mhór-chumhacht Dé, agus nuair a bhí siad uilig ag déanamh iongantais de gach nídh dá ndearna sé, dubhairt sé le n-a dheisciobail: Cuirigidh na briathra seo i bhur gcroidhthe; óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámha daoine.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Cuiridh‐se na ráidhte seo i dtaisce ’n‐bhúr gcluasaibh: óir atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Taisgidh na bríathrasa ann bhur gcluasaibh: óir tiofuidh chum chríche go dtiobharthar Mac an duine a lámhuibh na ndaóine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 “Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 “Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:44
26 Tagairtí Cros  

Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.


Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.


Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóchadh sé ó’n mbás.


Ach níor thuigeadar an chaint, agus bhí sgáth ortha é cheistiú.


Agus gach aoinne a d’airigh iad choimeád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cad a bheidh againn ar ball ’n-a leithéid seo de leanbh, dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis.


Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d’á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine.


Agus do choimeád Muire na labhartha san go léir, ghá mbreithniú ’n-a croidhe.


Agus d’fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh. Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir ’n-a croidhe féin.


Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.


’Ghá rádh: Ní foláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá.


D’fhreagair Íosa iad: An gcreideann sibh anois?


Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé ’ghá n-innsint daoibh.


D’fhreagair Íosa: Ní bheadh aon nídh ar do chumas am’ aghaidh mura mbeadh gur tugadh duit é ó’n áit thuas. Uime sin an t-é a thug suas duit mé, is mó an peaca atá air.


Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí