Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus thusnuigh an lá ar dhul i ndéanaighe. Agus tháinig an dáréag chuige agus dubhradar leis: Leig na sluaighte chun siubhail, i dtreó go n-imteóchaid siad ar fuid na mbailte agus na dtighthe mór-thímpal agus go bhfaighid siad lóisdín agus bia, óir is i bhfásach atáimíd anso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Faoin am sin bhí an tráthnóna beag ann; agus tháinig an dáréag chuige go ndúirt leis, “Cuir uait an slua, go rachaidís thart faoi na bailte beaga agus an tír thart timpeall, go bhfaighidh siad lóistín agus bia; mar táimid anseo in áit gan áitreabh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Acht thoisigh an lá a theacht chun deiridh. Agus tháinic an dáréag chuige gur dhubhairt leis: Cuir ar shiubhal na sluaighte, go dtéighidh siad isteach ins na bailte agus na feirmeacha, atá thart timcheall, chun lóistín agus biadh d’fhagháil, óir is fásach an áit seo ina bhfuilmíd.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus do bhí an lá ag dul i ndéidheannaighe; agus tháinig an dáréag, agus adubhradar leis, Cuir na sluaighte chum bealaigh, ionnas go rachaidh siad isteach ins na bailtibh beaga, agus sa tír thart thimcheall, chum lóistín agus lón d’fhágháil: óir is i bhfásach atáimíd annso.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do bhí an lá ag dol thárrsa, agus trangadar an dá fhear dhég chuigesion, agus a dubhradar ris, Léigh uáit an slúagh, ionnus go numéochaidis fa na bailtibh agus fan tír do leathnughadh, agus go ccomhnuidhid, agus dfaigháil bídh: óir a tamáoid ann so a náit fhásamhuil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mór-thimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:12
13 Tagairtí Cros  

Agus nuair airigh Íosa é, d’imthigh sé ó’n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh’airigh na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na catharachaibh.


Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n-ár ndiaidh.


Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid siad tar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh.


Agus nuair a fuair na sluaighte amach an méid sin do leanadar é; agus do ghlac sé iad, agus bhí sé ag caint leó i dtaobh rígheachta Dé, agus na daoine a bhíodh i ngádh le leigheas do leighiseadh sé iad.


Agus dubhairt sé leó: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar-san: Ní’l againn ach chúig bulóga agus dhá iasg, murab amhlaidh a raighmís agus bia cheannach do’n tsluagh mhór so go léir.


Tar éis na neithe sin d’imthigh Íosa treasna mara Ghaililí, ’sé sin Tiberias,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí