Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus nuair a fuair na sluaighte amach an méid sin do leanadar é; agus do ghlac sé iad, agus bhí sé ag caint leó i dtaobh rígheachta Dé, agus na daoine a bhíodh i ngádh le leigheas do leighiseadh sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Nuair a chuala na sluaite faoi, lean siad é; agus dʼfháiltigh sé rompu agus labhair sé leo faoi ríocht Dé, agus leigheas sé an méid a bhí easlán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus nuair a bhí a fhios sin ag na sluaighte, lean siad é; agus ghabh sé chuige iad, agus labhair sé leo ar ríoghacht Dé, agus leigheas sé iad sin a raibh leigheas do dhíth ortha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Acht ar n‐a fheicsin sin do’n sluagh, do leanadar é: agus d’fháiltigh sé rómpa, agus do labhair sé leo i dtaobh ríoghachta Dé, agus do leigheas sé iad‐san ag a raibh gábhadh leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus an tan, do aithin an pubal sin, do leanadar é: agus ar na ngabháil chuige dhó, do labhair sé ria a dtimcheall rioghachda Dé, agus do shlánaigh sé an chuid díobh ar a raibh úireasbhuide leigbis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:11
21 Tagairtí Cros  

Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir.


Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha.


Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se.


D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.


Do líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag daoine breóite.


Agus do thárla, ’n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag gabhail tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag i n-aonfheacht leis.


Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh’aithint; do’n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí, i dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.


Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d’innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh’ainim Betsaida.


Agus thusnuigh an lá ar dhul i ndéanaighe. Agus tháinig an dáréag chuige agus dubhradar leis: Leig na sluaighte chun siubhail, i dtreó go n-imteóchaid siad ar fuid na mbailte agus na dtighthe mór-thímpal agus go bhfaighid siad lóisdín agus bia, óir is i bhfásach atáimíd anso.


Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite.


Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn.


Gach nídh d’á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m’ Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é.


Agus rígheacht Dé aige ’á chraobhsgaoile, agus é ag múine na neith a bhaineann leis an dTighearna Íosa Críost le lánmhisneach agus gan chosg.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí