Matha 25:21 - An Bíobla Naofa 198121 Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)21 Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis faoi bheagán, cuirfidh mé os cionn móráin thú; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara21 Dubhairt a thighearna leis: Maith thú, a sheirbhísigh mhaith, dhílis, de bhrígh go raibh tú dílis ós cionn an bheagáin, cuirfidh mé ós cionn an mhóráin thú: gabh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)21 Adubhairt a thighearna leis, Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis: do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)21 Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)21 Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201221 Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gábh isteach in aoibhneas do thiarna.’ Féach an chaibidil |