Matha 25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Annsin béidh ríoghacht na bhflaitheas cosmhail le deichneabhar maighdean, do ghlac a lóchrainn, agus do chuaidh amach fá dhéin an fhir nua‐phósta. 2 Agus do bhí cúigear díobh dí‐chéillidhe, agus do bhí cúigear eile céillidhe. 3 Óir, iad‐san do bhí dí‐chéillidhe, nuair do ghlacadar a lóchrainn, ní thugadar íle leo: 4 acht thug siad‐san a bhí cé illidhe íle ’n‐a soithighibh chómh maith leis na lóchrannaibh. 5 Agus ó bhí moill ar an bhfear nua‐phósta, tháinig táimh‐néall ortha agus do‐chuadar a chodladh. 6 Acht ar uair an mheadhon‐oidhche d’éirigh an gháir, Féach, an fear nua‐phósta! 7 Téighidh amach ’n‐a airchis. Agus d’éirigh na maighdeana sin, agus do chuireadar a lóchrainn i bhfearas. 8 Agus adubhairt an chuid aca a bhí dí‐chéillidhe leo‐san do bhí ciallmhar, Tabhraidh dhúinn beagán de bhúr gcuid íle; óir atá ár lóchrainn ag dul i n‐éag. 9 Acht d’fhreagair an dream ciallmhar, agus adubhradar, Do b’fhéidir nach mbéadh ár ndóthain ann dúinne agus daoibh‐se: do b’fhearr daoibh dul chum na gceannaidhe, agus cuid do cheannach dhaoibh féin. 10 Agus fad agus bhíodar ag imtheacht g‐á cheannach, tháinig an fear nua‐phósta; agus na daoine do bhí ullamh do chuadar isteach leisean chum na bainse: agus do dúnadh an doras. 11 I n‐a dhiaidh sin tháinig na maighdeana eile, agus adubhradar, A Thighearna, a Thighearna, foscail dúinn‐ne. 12 Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Go deimhin adeirim libh, Ní fhuil aithne agam oraibh. 13 Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin, óir ní h‐eol daoibh an lá ná an uair. 14 Óir is amhlaidh atá, mar do bhéadh duine, do ghlaodh chuige a searbhóntaí, ag imtheacht ar aistear dó, agus thug a mhaoin dóibh. 15 Agus thug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus dhá thalainn do dhuine eile, talann amháin do dhuine eile; do gach duine de réir a ghustail; agus d’imthigh sé ar a aistear. 16 Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imthigh sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaidheacht leo, agus do ghnóthuigh sé cúig tallanna eile. 17 Ar an gcuma chéadna, an duine fuair an dá thallainn, do ghnóthuigh seisean dhá thallainn eile. 18 Acht an té fuair an aon talann amháin, d’imthigh sé agus do thochail sé poll sa talamh, agus do chuir sé airgead a thighearna i bhfolach ann. 19 Agus tar éis tamaill fhada tháinig tighearna na searbhónta úd, agus do‐rinne sé cunntas leo. 20 Agus an té fuair na cúig tallanna, tháinig sé agus thug sé cúig tallanna sa mbreis leis, agus adubhairt, A thighearna, thugais cúig tallanna dhom: féach, atá cúig tallanna eile gnóthuighthe agam. 21 Adubhairt a thighearna leis, Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis: do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. 22 Agus an té fuair an dá thallainn, tháinig sé agus adubhairt A thighearna, thugais dhá thallainn dom: féach atá dhá thallainn eile gnóthuighthe agam. 23 Adubhairt a thighearna leis Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis; do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. 24 Agus an té fuair talann amháin, tháinig sé agus adubhairt, A thighearna, do bhí a fhios agam gur duine cruaidh thú, ag baint i n‐áit nár chuiris riol, 25 agus ag cnuasach i n‐áit nár cháithis: agus do bhí eagla orm, agus d’imthigheas agus do chuireas do thallann i bhfolach sa talamh; féach, sin é do chuid féin agat. 26 Acht d’fhreagair a thighearna agus adubhairt sé leis, A dhroch‐shearbhónta dhíomhaoin, do bhí a fhios agat go mbainim i n‐áit nár chuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár cháitheas; 27 ba cheart duit, d’á bhrigh sin, mo chuid airgid thabhairt do na banncairibh, go bhfaighinn mo chuid féin le brabach ag teacht dom. 28 Bainidh dhe, d’á bhrigh sin, an tallann, agus tabhraidh í do’n té sin ag a bhfuil na cúig tallanna. 29 Óir an té ag a bhfuil nidh dobhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh fiú amháin a bhfuil aige. 30 Agus caithidh amach an searbhónta neam‐hthairbheach sa dorchacht atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. 31 Acht nuair thiocfas Mac an Duine ’n‐a ghlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinfheacht leis, suidhfidh sé annsin i gcathaoir a ghlóire: 32 agus cruinneochar na cineadhacha uile os a chómhair: agus deaghlóchaidh sé ó chéile iad, mar dheaghluigheas an t‐aodhaire na caoirigh ó na gabharaibh: 33 agus cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis, agus na gabhair ar a láimh chlé. 34 Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain: 35 óir do bhí ocras orm, agus thugabhar rud le n’ithe dhom: bhí tart orm, agus thugabhar le n’ól dom: bhíos im’ choimhthigheach, agus d’fháiltigheabhar rómham: 36 do bhíos lomnocht, agus do chuireabhar éadaighe orm: do bhíos breoite, agus thángabhar dom’ fhéachaint: bhíos i bpríosún, agus thángabhar chugam. 37 Annsin freagróchaidh na fíréin é, g‐á rádh, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras agus go dtugamar biadh dhuit? nó fá thart, agus go dtugamar deoch duit? 38 Agus cá h‐uair chonnacamar thú id’choimhthigheach agus gur fháiltigheamar rómhat? nó lomnocht, agus gur chuireamar éadaighe ort? 39 No, cá h‐uair chonnacamar thú breoite, nó i bpríosún, agus go dtángamar chugat? 40 Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é. 41 Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh: 42 óir bhí ocras orm, agus ní thugabhar biadh dhom: bhí tart orm, agus ní thugabhar deoch dom: 43 bhíos im’ choimhightheach, agus níor fháiltigheabhar rómham; bhíos lomnocht, agus níor chlúduigheabhar mé; breoite, agus i bpríosún, agus ní thángabhar chugam. 44 Annsin freagróchaid siad‐san, leis, agus adéarfaidh siad, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras, nó fá thart, nó id’ chomhightheach, nó lomnocht, nó breoite, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar fortacht ort? 45 Annsin freagróchaidh seisean, g‐á rádh, Adeirim libh go fírinneach, Ó’s rud é nach ndearnabhar é d’aoinneach de na daoinibh seo is suaraighe, nach ndearnabhar damh‐sa é. 46 Agus imtheochaidh siad‐so isteach i bpeannaid shíorraidhe: acht imtheochaidh na fíréin isteach sa mbeathaidh shíorraidhe. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society