Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 25:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus fad agus bhíodar ag imtheacht g‐á cheannach, tháinig an fear nua‐phósta; agus na daoine do bhí ullamh do chuadar isteach leisean chum na bainse: agus do dúnadh an doras.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus nuair a bhí siad imithe á ceannach tháinig an fear nuaphósta, agus chuaigh an méid a bhí ullamh roimhe isteach chun na bainise ina chuideachta; agus dúnadh an doras.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus le linn dóibh a bheith ar shiubhal ag ceannach, tháinic an fear nua-phósta, agus an méid a bhí ullamh, chuaidh siad isteach leis chun na bainfheise, agus druideadh an doras.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus an feadh do bhádar ag dul do cheannach, táinic an fear núaphósda; agus an chuid úd do bhí ullamh, do chúadar leis a sdeach chum an phósda: agus do híadhadh an dorus.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, thainig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Bhí siad ag dul dá ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:10
21 Tagairtí Cros  

Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin; óir ní fios daoibh cá h‐uair thiocfas bhúr dTighearna.


Acht bíodh a fhios so agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cé’n uair ’n‐a dtiocfadh an gadaidhe, do bhéadh sé ag faire agus ní cheadóchadh sé go mbrisfidhe isteach ’n‐a thigh.


D’á bhrigh sin, bidhidh‐se ullamh, leis, óir an uair nach mbíonn sibh ag súil leis is eadh thiocfas Mac an Duine.


Acht ar uair an mheadhon‐oidhche d’éirigh an gháir, Féach, an fear nua‐phósta!


Ní h‐é gach aoinneach adéarfas liom, A Thighearna, a Thighearna, rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas; acht an té do‐ghní toil m’Atar atá ar neamh.


Bíodh bhúr gcrioslach fásctha agaibh, agus bhúr lócrainn ar lasadh;


Chómh luath agus bhéas fear an tighe éirighthe, agus doras an tighe dúnta aige, agus thosnuigheas sibh‐se ar bheith ’n‐bhúr seasamh amuigh, agus ar an doras do bhualadh, g‐á rádh, A Thighearna, foscail dúinn; agus freagróchaidh seisean agus adéarfaidh sé libh, Ní fhuil a fhios again cad as daoibh‐se;


ag breith buidheachais leis an Athair, do rinne sinn oireamhnach chum bheith rannpháirteach i n‐oidhreacht na naomh san tsolas.


ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.


D’á bhrigh sin, ag teannadh bhur n‐intinne, bidhidh stuama, agus bíodh bhur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiubharfar daoibh le foillsiú Íosa Críost;


Féach, atá sé ag teacht leis na néalltaibh; agus chífidh gach súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfidh treabha uile an domhain d’á bhárr. Mar sin bhéas. Amen.


Bíodh árd‐áthas agus luthgháir mhór orainn, agus tugaimís glóir dó: óir atá bainis an Uain tagtha, agus atá a bhean ullamh.


An té atá ’n‐a fhiadhnaidhe ar na neithibh seo, adeir sé, Is amhlaidh atá: atáim ag teacht go luath. Amen: tar, a Thighearna Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí