Matha 25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXV. Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant, agus tuairisg, ar an mbreitheamhantas déanach. 1 Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deichniúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile. 2 Agus bhí cúigear acu ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall. 3 Agus an cúigear a bhí gan chiall nuair a thógadar na lóchranna, níor thugadar oíle leó. 4 Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n-a n-árthaíbh i dteannta na lóchrann. 5 Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar ’n-a gcodladh. 6 I lár na h-oidhche, ámhthach, do deineadh guth árd: Féach, tá an céile ag teacht; téighidh amach ’n-a choinnibh. 7 Ansan d’eirigheadar na maighdeana san go léir agus chuireadar a lóchranna i dtreó. 8 Agus dubhairt an chuid a bhí gan chiall leis an gcuid a bhí ciallmhar: Tugaidh dúinne cuid de’n oíle atá agaibh-se, mar tá ár lochranna ag dul i n-éag. 9 D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh’imtheacht chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin. 10 Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, thainig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus. 11 Ar ball tháinig na maighdeana eile agus dubhradar: A Thighearna, a thighearna, osgail dúinne. 12 Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh. 13 Deinidh faire, d’á bhrígh sin, mar ní h-eól daoibh an lá ná an uair. 14 Mar, ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh, 15 Agus thug chúig talanta do dhuine acu agus dhá thalant do dhuine eile, agus talant do dhuine eile; do gach duine do réir a chumais oibre; agus d’imthigh láithreach. 16 Agus d’imthigh an t-é a fuair na chúig talanta, agus d’oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile. 17 Mar an gcéadna an t-é a fuair an dá thalant dhein sé dhá cheann eile. 18 Ach an t-é a fuair an t-aon talant amháin d’imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus chuir sé airgead a thighearna i bhfolach. 19 Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó. 20 Agus tháinig an t-é a fuair na chúig talanta agus thug sé leis na chúig talanta eile, agus dubhairt: A Thighearna, thugais chúig talanta dhom. Féach, sin chúig cinn eile curtha leó agam. 21 Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. 22 Agus tháinig an fear a fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais dom dhá thalant; féach, sin dhá cheann eile curtha leó agam. 23 Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. 24 Ansan do tháinig an fear a fuair an t-aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; bhaineann tú sa n-áit nár chuiris, agus cruinnigheann tú sa n-áit nár sgaipis. 25 Agus le h-eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat. 26 Agus d’fhreagair a thighearna é, agus dubhairt leis: A dhroch-sheirbhísigh dhíomhaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuighim sa n-áit nár dheineas sgaipeadh ann. 27 Bhí sé ceart agat, d’á bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt dos na bancairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinn mo chuid féin agus an t-úncumas. 28 Tógaidh uaidh mar sin, an talant agus tugaidh é do’n t-é go bhfuil na deich dtalanta aige. 29 Óir an t-é go bhfuil aige, tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige, togfar uaidh an rud a samhluightear a bheith aige. 30 Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal. 31 Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé gncathaoir a ghradaim; 32 Agus cruinneófar ’n-a láthair i a geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n-a chéile iad, mar dheighileann an t-aodhaire na caoire ós na gabhair; 33 Agus cuirfidh sé na caoire ar a láimh dheis, agus na gabhair an a láimh chlé. 34 Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain: 35 Mar, bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus thugabhair le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair bheith istigh dom; 36 Bhios nocht, agus chlúdabhair mé; bhíos breóite agus thánabhair am’ fhéachaint; bhíos sa phríosún agus thánabhair chúgham. 37 Ansan freagaróchaid na fíoraoin é, agus déarfaid siad: A Thighearna, cathain a chonacamair-ne ocras ort, agus gur thugamair bia dhuit? Nó tart ort, agus gur thugamair deoch duit? 38 Nó cathain a chonacamair ar fán tu, agus gur thugamair bheith istigh duit? nó nocht, agus gur chlúduigheamair thu? 39 Nó cathain a chonacamair thu breóite, nó i bpríosún, agus gur thánamair chúghat? 40 Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é. 41 Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh; 42 Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus níor thugabhair deoch dom. 43 Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bhios nocht, agus níor chlúdabhair mé; bhíos breóite, agus sa phríosún, agus níor thánabhair am’ féachaint. 44 Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort? 45 Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é. 46 Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society