Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 25:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Déarfaidh sé ansin le lucht na láimhe clé, ‘Fágaigí mʼamharc, a dhream mhallaithe, agus isteach libh sa tíne shíoraí a ullmhaíodh le haghaidh an diabhail agus a chuid droch-aingeal;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Annsin déarfaidh sé fosta leis an méid a bhéas ar a chlí: Imthighigidh uaim, a dhream mhalluighthe, isteach san teinidh shíorraidhe, a h-ullmhuigheadh do’n diabhal agus dá aingle:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luchd na láimhe clí, A dháoine malluighthe, imthidhidh úaim ann sa teinidh shiorruídhe, atá ar na hullmhughadh don diabhal agus dá ainglibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:41
33 Tagairtí Cros  

D’á bhrígh sin, mar a bailightear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail.


Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal.


Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.


Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit, gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois ’ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe.


Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus níor thugabhair deoch dom.


Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.


Tá a ghléas cáithte i n-a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.


Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin.


Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn.


Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.


Agus dearfaidh sé libh: Ní fheadar cad as daoibh-se; imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.


Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo.


Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí