Matha 25:40 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)40 Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)40 Agus is é seo an freagra a thabharfas an Rí dóibh, ‘Deirim go fírinneach libh, mar atá déanta agaibh don té is lú de na bráithre seo agam, is domsa a rinne sibh é.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara40 Agus déarfaidh an Rí leo, ghá bhfreagairt: Amén adeirim libh, a fhad agus rinne sibh é do dhuine de na bráithre is lugha annseo agam-sa, rinne sibh damh-sa é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)40 Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)40 Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201240 Agus déarfaidh an rí dá bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agam-sa, is dom-sa a rinne sibh é.’ Féach an chaibidil |