Matha 25:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)24 Ansan do tháinig an fear a fuair an t-aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; bhaineann tú sa n-áit nár chuiris, agus cruinnigheann tú sa n-áit nár sgaipis. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)24 An té sin freisin a fuair an t‑aon tallann amháin, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, bhí a fhios agam go raibh tú i dʼfhear crua, ceachartha, ag baint san áit nár chroith tú síol, agus ag cruinniú san áit nár bhuail tú arbhar; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara24 Acht tháinic an té a fuair an t-aon talann amháin, agus dubhairt: A thighearna, tá a fhios agam gur duine cruaidh thú: baineann tú san áit nár chuir tú, agus cruinnigheann tú san áit nár scaip tú: Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)24 Agus an té fuair talann amháin, tháinig sé agus adubhairt, A thighearna, do bhí a fhios agam gur duine cruaidh thú, ag baint i n‐áit nár chuiris riol, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)24 Agus ar dteachd don té úd fúair a náontallon a dubhairt sé, A thighearna, do bhí a fhios agam gur dhuine crúaidh thú, bhéanus ann sa náit na chuir tú siól, agus chruinnigheas ann sa náit nach ar eathnuigh tú: Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201224 Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t-aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh; Féach an chaibidil |