Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 25:44 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 Is ansin a fhreagróidh siadsan freisin, ‘A Thiarna, cá huair a chonaiceamar thú ocrach nó tartmhar nó i do strainséir nó tarnocht nó breoite nó i bpríosún agus nár fhóireamar ort?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Annsin freagróchaidh siad-san é fosta, ag rádh: A Thighearna, cá h-uair a chonnacamar thú fá ocras, nó fá thart, nó do dheoraidhe, nó tárnocht, nó breoidhte, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar friothálamh duit?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Annsin freagróchaid siad‐san, leis, agus adéarfaidh siad, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras, nó fá thart, nó id’ chomhightheach, nó lomnocht, nó breoite, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar fortacht ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Ann sin do bhéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag rádh, A Thighearna, gá húair do chonncamairne ocarach, nó tartmhar, ná ad dhéoruigh, no lomnochd, nó éagcrúaidh, no a bpríosún thú, agus nach dearnamar friotholamh dhuit?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:44
14 Tagairtí Cros  

An t-é a ghlacann fáidh i n-ainim fáidhe, gheobhaidh sé tuarasdal fáidhe; agus an t-é a ghlacann fíoraon i n-ainim fíoraoin, gheobhaidh sé tuarasdal fíoraoin.


Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bhios nocht, agus níor chlúdabhair mé; bhíos breóite, agus sa phríosún, agus níor thánabhair am’ féachaint.


Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.


Is aoibhinn do’n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar ’s iad a gheóbhaidh a sáith.


Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí?


Ach dubhairt sé le h-Íosa, a d’iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí