Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 25:44 - An Bíobla Naofa 1981

44 Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 Is ansin a fhreagróidh siadsan freisin, ‘A Thiarna, cá huair a chonaiceamar thú ocrach nó tartmhar nó i do strainséir nó tarnocht nó breoite nó i bpríosún agus nár fhóireamar ort?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Annsin freagróchaidh siad-san é fosta, ag rádh: A Thighearna, cá h-uair a chonnacamar thú fá ocras, nó fá thart, nó do dheoraidhe, nó tárnocht, nó breoidhte, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar friothálamh duit?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Annsin freagróchaid siad‐san, leis, agus adéarfaidh siad, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras, nó fá thart, nó id’ chomhightheach, nó lomnocht, nó breoite, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar fortacht ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Ann sin do bhéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag rádh, A Thighearna, gá húair do chonncamairne ocarach, nó tartmhar, ná ad dhéoruigh, no lomnochd, nó éagcrúaidh, no a bpríosún thú, agus nach dearnamar friotholamh dhuit?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:44
14 Tagairtí Cros  

Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall,


Deir tú: ‘Táimse saor ó locht, tá a fhearg iompaithe uaim.’ Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort mar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’


“Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t‑ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m'ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d'ainm?’


Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”


“Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m'aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: ‘Céard a dúramar i d'aghaidh?’


An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh.


bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m'fheiceáil.’


Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’


“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.


Déarfaidh mórán liom an lá sin: ‘A Thiarna, a Thiarna, nach i d'ainmse a rinneamar tairngreacht, agus i d'ainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i d'áinm a rinneamar mórán míorúiltí?’


Ach ó b'áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí