Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 25:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Annsin freagróchaid siad‐san, leis, agus adéarfaidh siad, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras, nó fá thart, nó id’ chomhightheach, nó lomnocht, nó breoite, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar fortacht ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 Is ansin a fhreagróidh siadsan freisin, ‘A Thiarna, cá huair a chonaiceamar thú ocrach nó tartmhar nó i do strainséir nó tarnocht nó breoite nó i bpríosún agus nár fhóireamar ort?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Annsin freagróchaidh siad-san é fosta, ag rádh: A Thighearna, cá h-uair a chonnacamar thú fá ocras, nó fá thart, nó do dheoraidhe, nó tárnocht, nó breoidhte, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar friothálamh duit?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Ann sin do bhéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag rádh, A Thighearna, gá húair do chonncamairne ocarach, nó tartmhar, ná ad dhéoruigh, no lomnochd, nó éagcrúaidh, no a bpríosún thú, agus nach dearnamar friotholamh dhuit?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:44
14 Tagairtí Cros  

An té ghlacas fáidh i n‐ainm fáidhe do‐gheobhaidh sé luach fáidhe; agus an té ghlacas fíréan i n‐ainm fíréin, do‐gheobhaidh sé luach fíréin.


bhíos im’ choimhightheach, agus níor fháiltigheabhar rómham; bhíos lomnocht, agus níor chlúduigheabhar mé; breoite, agus i bpríosún, agus ní thángabhar chugam.


Annsin freagróchaidh seisean, g‐á rádh, Adeirim libh go fírinneach, Ó’s rud é nach ndearnabhar é d’aoinneach de na daoinibh seo is suaraighe, nach ndearnabhar damh‐sa é.


Is aoibhinn dóibh‐sean ar a bhfuil ocras agus tart chum fíréantachta, mar do‐gheobhaid a sáit.


Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail?


Acht adubhairt seisean le h‐Íosa, agus fonn air a fhíréanú féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí