Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 25:45 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

45 Is ansin a fhreagróidh sé iad, ‘Deirim go fírinneach libh, ó nach ndearna sibh é ar an té is lú orthu seo anseo, ní dhearna sibh ormsa é.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

45 Annsin déarfaidh sé leo, ghá bhfreagairt: Amén adeirim libh, a fhad agus nach ndearna sibh é do dhuine de’n mhuinntir seo ar lugha iad, ní dhearna sibh damh-sa é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Annsin freagróchaidh seisean, g‐á rádh, Adeirim libh go fírinneach, Ó’s rud é nach ndearnabhar é d’aoinneach de na daoinibh seo is suaraighe, nach ndearnabhar damh‐sa é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

45 Ann sin do bhéara seisean freagra orrtha, ag rádh, A deirim ribh go firinneach, An mhéid nach dearnabhair é déinneach do mhuinntir roibhigsi, nach ndearnabhair dhamhsa é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

45 Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh dom-sa é ach a oiread.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:45
16 Tagairtí Cros  

An t-é a ghlacann fáidh i n-ainim fáidhe, gheobhaidh sé tuarasdal fáidhe; agus an t-é a ghlacann fíoraon i n-ainim fíoraoin, gheobhaidh sé tuarasdal fíoraoin.


Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort?


Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.


Agus dubhairt seisean: Cia h-é thu, a Thighearna? agus eisean: Mise Íosa ’na bhfuilirse am ghéarleanmhaint, is cruaidh ort bheith a’ speachuíol i n-aghaidh an phriocaire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí