Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 25:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Déarfaidh an Rí ansin le lucht na láimhe deise, ‘Is é bhur mbeatha, a dhream úd ar bheannaigh mʼAthair sibh, le dul i seilbh na ríochta atá ullmhaithe in bhur gcomhair ó cuireadh an chruinne ar bun;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Annsin déarfaidh an Rí leis an méid a bhéas ar a dheis: Taraigidh, a lucht bheannuighthe le m’Athair, gabhaigidh chugaibh sealbh na ríoghachta atá ullamh díbh ó chruthughadh an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Ann sin a déara an Rí ris an luchd bhías air a láimh dheis, Tigidh, a dháoine beannuighthe Matharsa, gabhuidh chugaibh óighreachd na ríoghachda a tá ar na hullmhughadh dháoibh ó thosach an domhuin:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe mʼAthar, glacaigí mar oidhreacht an Ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:34
68 Tagairtí Cros  

Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain.


Agus gach duine a dh’fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó á chlann, nó a chuid tailimh, ar son m’ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad, agus beidh an bheatha shíoruidhe aige.


Dubhairt sé leó: Is fíor go n-ólfaidh sibh mo chailís; ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam-sa atá san a thabhairt daoibh-se ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe ag m’Athair dóibh.


Abraidh le h-inghín Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat ’n-a shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail chneasda.


Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna.


Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna.


Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;


Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDACh, É SEO.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


An t-é d’á bhrígh sin, a mhillfidh aithne des na h-aitheantaibh sin is lúgha, agus do mhúinfidh na daoine mar sin, tabharfar air an t-é is lugha i rígheacht na bhflathas; ach an t-é choimeádfidh iad, agus do mhúinfidh [a gcoimeád] tabharfar duine mór air i rígheacht na bhflathas.


Agus chuaidh sé amach ar an mbóthar, agus do rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair, agus d’fhiafraigh sé dhe: A Mháighistir mhaith, cad a dhéanfad ionus go mbeadh an bheatha shíoruidhe agam?


Ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam atá san a thabhairt daoibh, ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe dhóibh.


Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.


I dtreó go n-éileófar ar an sliocht so fuil na bhfáidh go léir, a doirteadh ó chruithniú an domhain.


Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh.


Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais.


D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


Agus thógadar géaga phailime agus shiubhluigheadar fé n-a dhéin agus iad ag liúirigh: Hósanna, moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna, rí Israéil.


A Athair, na daoine seo a thugais dom, is mian liom, an áit i n-a bhfuilim-se, iad-san do bheith ann mar aon liom; ionus go bhfeicfidís mo ghlóire, an glóire a thugais-se dhom, mas gur thugais grádh dhom roimh cruithniú an domhain.


Ach do liúghadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Dubhairt Pílát leó: An ndéanfad bhúr rí do chéasadh? D’fhreagair na h-árd-shagairt: Ní’l aon rí againn ach Caesar.


Tá fios a oibre féin ag an dTighearna ó thusach an tsaoghail.


Chúghaibhse ar dtúis, chun sibh a bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é, ionus go n-iompóchadh gach duine é féin ó n-a dhroch-bheartaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí