Matha 25:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)27 Bhí sé ceart agat, d’á bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt dos na bancairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinn mo chuid féin agus an t-úncumas. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)27 Nár choir duit mar sin mo chuid airgid a chur ar ús ag na baincéirí, agus gheobhainn ansin ag teacht dom an méid is liom agus a bhiseach lena chois? Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara27 Ba chóir duit, dá bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt do na bainncéirí, go bhfaghainn, ag teacht damh, mo chuid féin mar aon le biseach. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)27 ba cheart duit, d’á bhrigh sin, mo chuid airgid thabhairt do na banncairibh, go bhfaighinn mo chuid féin le brabach ag teacht dom. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)27 Uime sin do budh coir dhuitsi mo chuid airgid do thabhair do luch iomluit, agus ag teachd damh do gheabhuinn mo chuid féin maille lé biseach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201227 ba cheart duit-se mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús. Féach an chaibidil |