Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 25:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus ó bhí moill ar an bhfear nua‐phósta, tháinig táimh‐néall ortha agus do‐chuadar a chodladh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Nuair a rinne an fear nuaphósta moill, bhí siad uile i suan agus i gcodladh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus ó rinne an fear nua-phósta moill, d’éirigh siad uilig codlatach, agus chodluigh siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus ar ndéanamh moille don fhior núaphósda, do thuit smédearnach chodalta orrtha uile agus do chodladar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar ’n-a gcodladh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:5
23 Tagairtí Cros  

Acht, má’s droch‐sheirbhíseach é, agus go n‐abrann sé ’n‐a chroidhe,


Agus tar éis tamaill fhada tháinig tighearna na searbhónta úd, agus do‐rinne sé cunntas leo.


acht thug siad‐san a bhí cé illidhe íle ’n‐a soithighibh chómh maith leis na lóchrannaibh.


Acht ar uair an mheadhon‐oidhche d’éirigh an gháir, Féach, an fear nua‐phósta!


Agus tháinig sé chum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, An amhlaidh nár fhéadabhar faire uaire amháin do dhéanamh mar aon liom?


Agus tháinig sé arís agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, mar do bhí a súile an‐trom.


Agus do bhí an pobal ag fuireach le Sacharias, agus do b’iongnadh leo é bheith ag déanamh moille sa teampall.


Acht má deir an seirbhíseach úd ’n‐a chroidhe istigh, Is fada atá mo thighearna gan teacht; agus go dtosnóchaidh sé ar na buachaillí agus ar na cailíní aimsire do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól, agus ar bheith ar meisce;


Adeirim libh go n‐agarfaidh sé go luath. Acht cheana, nuair thiocfas Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar talamh?


Agus do thosnuigh sé ar an tsamhlaoid seo do labhairt leis na daoinibh: Do chuir duine fíonghort, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile go ceann i bhfad.


Agus is eol daoibh an aimsear atá ann fá láthair, gur mithid dúinn dúiseacht ó’n suan: óir atá an slánughadh níos giorra dhúinn ’ná bhí nuair chreideamar ar dtús.


uime sin adeirtear, Dúisigh, thusa atá id’ chodladh, Agus éirigh as lár na marbh, Agus soillseochaidh Críost ort.


Bidhidh stuamdha, bidhidh ar bhur n‐aire; bíonn bhur n‐áidhbheirseoir, an diabhal, ag siubhal thart timcheall mar leomhan búirfeadhach ar thóir an té fhéadas sé a shlugadh.


Acht cheana, congbhuighidh greim ar a bhfuil agaibh, nó go dtagad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí