Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 25:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imthigh sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaidheacht leo, agus do ghnóthuigh sé cúig tallanna eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Chuaigh an té a fuair na cúig thallann a dhíol agus a cheannach leo; agus ghnóthaigh sé cúig thallann eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 D’imthigh an té a fuair cúig talanna, agus d’oibir sé leo, agus ghnóthuigh sé cúig cinn eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do imthigh an té fúair na cúig talanna, agus do rinne sé ceannuigheachd léo, agus do ghnodhuigh sé cúig tallanna eile leó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus d’imthigh an t-é a fuair na chúig talanta, agus d’oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:16
27 Tagairtí Cros  

Agus nuair do thosnuigh sé ar an gcunntas do dhéanamh, tugadh chuige duine go raibh deich míle talann aige air.


Ar an gcuma chéadna, an duine fuair an dá thallainn, do ghnóthuigh seisean dhá thallainn eile.


Agus do ghlaodh sé chuige deichneabhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich bpúint, agus adubhairt sé leo, Bidhidh ag déanamh ceannaidheachta nó go dtagad.


Óir, nuair do bhí a sheirbhís déanta ag Dáibhí ’n‐a gheinealach féin, do chodail sé, agus do cuireadh é i bhfochair a shinnsear, agus do chonnaic sé truailleadh;


Acht is tré ghrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnadh orm, ní fríth gan éifeacht é; acht is mó an saothar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: gidh nach mise do‐rinne, acht grása Dé do bhí liom.


An criadhaire do‐ghní an sclábhaidheacht, ní mór dó an chéad‐toradh d’fhágháil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí