A chara, smaoinigh ar seo. Níor tháinig Íosa chun eaglais a thógáil ar an talamh seo, ach bhí misean níos spioradálta aige. Nuair a d’fhill sé ar Nazarat, léigh sé ó Isaiah chun cur síos a dhéanamh ar a chuspóir: “Tá Spiorad an Tiarna orm, óir d’ung sé mé chun dea-scéal a fhógairt do na boicht; chuir sé mé chun na ndaoine croíbhriste a leigheas, chun saoirse a fhógairt do na braighdeanaigh agus radharc do na daill, chun scaoileadh saor na ndaoine atá faoi chois, chun bliain fabhair an Tiarna a fhógairt.” (Isaiah 61:1-2).
Ní hamháin go raibh sé ag iarraidh leigheas fisiciúil agus mothúchánach a thabhairt dúinn, ach theastaigh uaidh ár súile a oscailt ionas go dtuigfimid teachtaireacht an tSoiscéil agus go bhfreagraímid di. Theastaigh uaidh ár gcaidreamh le Dia a athbhunú. Sin an rud is tábhachtaí.
Oír do thuirrling mé ó neamh, ní do chum go ndéanainn mo thoil féin, achd toil an té do chuir uádh mé.
Oír ní tháinic Mac an duine ionnas go ndéantuigh seirbhís dó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhórain.
As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhía, achd go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadh a Mhac féin na iodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.
A Athair chomhthruim, níor aithin an sáoghal thusa, achd daithin misi thú, agus daithnigheadar so gur tusa do chuir uáit mé.
Achd ar gcoimhlíonadh na haimsire, do chuir Día a Mhac féin úadh, do gineadh ó mhnáoi, agus do gineadh fáoi an réachd, Chum na druinge do bhí fáoi an reáchd dfúasgladh dhó, ionnus go bhfuighemísne ait cloinne.
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
Agus tan tháinic Iósa go tígh Pheadair, do chunnairc sé mathair a mhná ná luighe, agus í a bhfíabhrus. Agus do bhean sé ré na láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus i: agus do éirigh sí, agus do rinne sí friothólamh dhóibh
Agus béaruidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Iosa dainm air: óir sláineochadh sé a phubal féin ó na bpeacuighibh.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhó.
Agus, féuch, tainic lóbhar chuige agus do shléachd sé dhó, ag rádh, A Thighearna, mádh áill leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh. Agus a deir Iósa ris, Atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neid ag eanlaithibh a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeadh sé a cheann. Agus a dubhairt fear eile dá dheisgiobluibh ris, A Thighearna, léig dhamhsa imtheachd ar tús agus máthair daghlacadh. Achd a dubhairt Iósa ris, Lean misi; agus léig dona márbhuibh a mairbh féin daghlacadh. Agus an tan do chúaigh sé a luin, do leanadar a dheisgiobuil é. Agus, féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnus gus fholaigheadar na tonna an loug: achd do bhí seisean na chodladh. Agus ar ndul chuige dá dheisciobluibh, do dúisgeadar é, ag radh, A Thighearna, sabháil inn: a támáoid air fagbháil. Agus a deir seisean ríu, Créud fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chreidimh bhig? Ar néirghe dhósan an tansin, do bhagair sé air an ngáoith agus air an bhfairge; agus thainic ciúnas mór ann. Agus do ghabh iongnadh na daóine, ag rádh, Créud é an fearso, agá bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó! Agus an tan thainic sé don táoibh eile go tír na Ngeirgésineach, tárrladar do dháoínibh air ann a rabhadar deamhain, ag teachd as na tuámaighibh, agus do bhí rofhiochmhar, ionnas nar bhéidir do dhuine ar bhith an tslighesin do ghabhail. Agus, féuchm do éimhgheadar, ag rádh, Créud é ar gcuídne dhiót, a Iósa, Mhic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusadhne roimhe a naimsir? Agus ar síneadh a láimhe, do bhean Iósa ris, ag rádh, Is aill; bí glan. Agus ar an mball do bhí a lobhradh ar na ghlanadh.
O sin a mach do thionnsgain Iósa seanmóir do dhéanamh ag rádh, Déanuidh aithrighe: oír dhruid an rioghachd neamhdha ribh.
Achd a dubhairt seision ríu, Go firinneach is éigin damhsa flaitheas Dé do sheanmóir do chaithreachaibh eile leis: óir is chuige so do cuireadh mé.
Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin; agus nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirrthe.
Agus do chonncamar agus do níomuid dfíadhnuise gur chuir an Tathair an Mac úadh, na Shlánaightheóir an domhuin.
Ar a nadhbharsin a dubhairt Pioláid ris, Má seadh an rí thú? Do fhreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is chuige so rugadh mé, agus is chuige tháinig mé ar a tsáoghal, ionnus go ndéanuinn fínné don fhírinne. Gach uile dhuine atá ar tháobh na fírinne éisdidh sé mo ghuthsa.
Agus ar bhfeachain go feargach orrthasan na thímcheall, ar ngabháil dóilghis chuige ar son chrúais a gcróidheadhsan, a dubhairt sé ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shín: agus do haiseagadh a lámh slán mar an láimh eile.
Agus ag luingseórachd dóibh do thuit a chodladh airsean: agus do éirigh sdoirmgháoithe ar an loch; agus do líonadh súas íad, agus do bhádar a ngábhadh. Agus ar ndol cuigesean dóibh, do dhúisgeadar é, ag rádh, A Mhaighisdir, a mhaighisdir, a támaoid ar fágbháil. Agus ar neirghe dhósan do bhagair sé ar an gaoith agus ar thonnghail a nuisge: agus do choisgeadar, agus tainic ciuinas ann.
Na measaidh go dtaínic misi do sgáoileadh an dlighidh, nó ná bhfaigheann: ní dá sgáoileadh thainic mé, achd dá gcoimhlionadh.
Ann sin do bhean sé ré na súilibh, ag rádh, Teagmhadh dháoibh do réir bhur gcreidimh. Agus, féuch, a dubhradar cuid airighe dona sgríobaighibh ionta féin, Atá an fearso a labhairt blaspheime. Agus do hosgladh a súile; agus do bhagair Iósa go géur orrtha, ag rádh, Tabhraidh dha bhur naire nach bhfuighe duine ar bith a fhios so.
Agus do ghabh Iósa timcheall gach uile chathrach agus baile, ag teagasg ann a sionagógaibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánughadh gach uile easláinte éagcruáis a measg an phubáil. Agus an tan do chunairc sé an slúagh, do ghabh truáighe ghéar dhóibh é, ar son go rabhadar curtha, ar na leathnughadh agus ar na sgaradh, mar cháorcha ag nach bhfuil tréadaighe.
Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré Símón, Déunuigh romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh sios bhir líontagh chum gabhála. Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do thuirrsigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní: achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an líon. Agus an tan do rinneadar so, do íadhadar ar iomarchuigh éisg: ionnus gur briseadh a líon.
Agus bean do bhí a bhflucsa fola dá bhliadhuin dég, agus do chaith a raibh aice le leaghaibh, agus nar béidir le héinneach a leigheas, Do chúaidh sí táobh shíar dheision, agus do chumail sí ré himeal a bhruit: agus do sguir a dórtadh fola ar an mball.
Agus táinic sé agus do bhean sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh. Agus déirigh an duine marbh na shuidhe, agus do thionnsgain sé labhairt. Agus tug sé dhá mháthair féin é.
Do chuir Iósa an da fhear dhéugso a mach, a tabhairt aitheantadh dhóibh, ag rádh, Na gabhaidh go slighe na Gcineadhach, agus na heírghigh a sdeach a gcathuir na Samaritánach; Achd go madh táosga rachtháoi chum cáorach thighe Israel atá ar ndul a múgha. Agus ar nimtheachd dháoibh, déunidh seanmóir, ag radh, Do dhruid rióghachd neimhe ribh.
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Imthighidh agus innisigh Déoin na neithe do chluinntí agus chithí: Do gheibhid na doill a radharc, agus siobhluid na bacaigh, glantar na lobhair, agus do chluinid na bodhair, dúisgthear na máirbh, agus a tá an soisgéul da sheanmóir do na bochdaibh.
Féuch mo shéarbhfhoghantuidhe féin, do thogh mé; mo ghrádh féin, dá bhfuil toil mhór ag manam: cuirfidh mé mo spiorad féin air, agus inneósuidh sé breitheamhnus do na Cineadhachaibh.
Amháil as nach dtáinic Mac an duine do chum go ndéantáoi seirbhís dhó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin.
Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Agus tar éis Eóin do chur a bpriosún, táinic Iósa don Ghalilé, ag seanmoir soisgéil rioghachda Dé, Agus ag rádh, Do coimhlíonadh a náimsir, agus do dhruid ríoghachd Dé rinne: déanuigh aithríghe, agus creidigh don tsoisgéul.
Agus an tan do chúaluidh Iósa so, a dubhairt sé ríu, Ni bhfuil ríachdanus ag na dáoinibh slána ré liaigh, achd ag na dáoinibh easlán. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacach chum aithríghe.
Ta Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh, Do sheanm; óir bhadhna fhorbháiltigh an Tighearna.
Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil ríachdanus leágha ar na dáoinibh slána; achd ar na dáoinibh tinne. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacthach chum aithrighe.
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Ar nimtheachd díbh, innisidh Deóin na neithe do chonncabhair agus do chúalabhair; go bhfaicid na daill, go siubhlaíd na bacuidh, go nglantar na lobhair, go gchimid na bodhair, go néirghid na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
A dubhairt Iósa ríu, As é mó bhíadhsa toil an té do chuir úadh mé do dhéunamh, agus a obair do chríochnughadh.
Ni héidir leamsa ní ar bith do dheanamh uáim féin: dó réir mar chluinim, beirim breath: agus atá mó bhreitheamhnus ceart; oír ní iárruim mo thoil féin, achd toil a Nathar do chuir uádh mé.
Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.
Agus atáid cáoirigh eile agam, nach don chróso: agus caithfidh mé iád sin leis do thabhairt leam, agus ésdfid siád mo ghúth; agus biáidh áonchró amháin, agus áonáodhaire amháin ann.
Atá manam buáidheartha a nois; agus créd a déura me? A Athair, sáor mé ó nuáirsi: achd as chuige so tháinig mé chum na huairesi. A Athair, tabhair glóir dod ainm feín. Uime sin tháinig guth ó neamh, Tugas glóir, agus do bhéur glóir dhó a ris.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Agus as sí so an beatha mharrthanach, go naithneóchaid síad thusa an táoin Día fírinneach, agus Iósa Críosd, do chuir tú úait,
Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.
Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh. Oír is dáoibhsi do rinneadh an gealladh, agus dá bhar gcloinn, agus dá gach nduine a ccían, eadhon gach áon ghoirfeas ar Dtighearna Día.
Ar a nadhbharsin déunaidh aithrighe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, a núair thiocfus aimsir a nfúaraidh ó fhíadnuise an Tighearna; Agus do hiomchradh duine áirighe do bhí na mhairtíneach ó bhruinn a mhathar, noch do chuirdís gach láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breagha, díarruidh déirce ar a ndruing do théigheadh a sdeach don teampoll; Agus chuirfeas sé úadh Iósa Críosd, noch do seanmórughadh dhíbh roimhe:
Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
Cionnus do ung Día Iósa Nasárrgha ris an Spiorad Náomh agus lé cumhachdaibh: noch do chuáidh timcheall ag déunamh maitheasa, agus ag sláunughadh gach a raibh fá leathtrom tré chumhachdaibh an diabhail; óir do bhí Día maille ris.
Oír is mar sin do aithin an Tighearna dhínn, ag rádh, Do chuir mé thú mar sholas do na Cineadhachaibh, agus marshlánughadh go leithimlibh na talmhan.
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.
Oír gidh bé duine ghuidhfeas ainm an Tighearna, sláinéochthar é. Achd cionnas ghuidhfid síad an té ann nar chreideadar? agus cionnas chreidfid síad ann sa té nach ccúaladar teachd thairis? Agus cionnas chluinfid síad gan seanmóntuigh? Agus cionus do dhéanuid siad seanmóir, muna chuirtear chuige íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréaghachd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothchain, shoisgéulas neithe maithe!
Oir ní chum baisdigh do dhéunamh do chuir Chríosd mé, achd chum an tsoisgéil do sheanmórughadh: ní re gliocas briathar, deagla croichthe Chríosd do chur a neimhbhrígh.
Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin; Oír go deimhin, do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá sa gcionntuibh; agus do chuir sé ionnuíne briathar an réitigh sin. Oír atámuid ag ósnaigh ann so, ag íarruidh maille ré míanghus ar dtigh neamhdha féin do chur iomuinn: Uime sin is teachdaireadha sinn as uchd Chríosd, amhuil do chuirfeadh día impidhe oruibhsi thrídne: iarrmaóidni dathchuinge oruibh as uchd Chríosd, bíghidh réidh ré Día.
Gidheadh an tan do thoguir Día, (noch do chuir air leith mé ó bhruinn mo mháthar, agus do ghoir mé tré na ghrás,) A mhac féin dfoillsiughadh ionnam, ionnus go mbéinn dá sheanmóir a measg na gcineadhach; air a nuáirsin ní deárna mé cómhairle ré fuil agus re féoil:
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
A miniosdralachd choimhlíonta na haimsire na huile neithe a Ccríosd, noch atá ar neamh, agus ar talamh, do chruiniughadh a gceann a chéile; annsan:
Dhúmhsa, is lúgh na an tí as lúgha do na huile náomhuibh, do tugadh an grás so, eadhon saidhbhreas dóchúartuigthe Chríosd do shoisgéulughadh a measg na Gcineadhach.
Uime sin bíodh a ninntinn chéudna ionnuibh, noch do bhí fós a Niósa Críosd: Noch, ar mbeith dhó a bhfoirm Dé, nár mheas sé na shlad bheith dhó coimionnun ré Día: Achd do chuir sé é féin a neamshúim, ar ndul dó a riochd shearbhfoghantuighe, ar na dhéunamh cosmhail ré dáoinibh:
Oír do thogair an Tathair a nuile iomláine so chómhnuidhe annsan: Chum na náomh agus na ndearbhráthar ndíleas a Níosa Críosd a Gcolosse: Grása maille ribh, agus siotcháin, ó Dhía Athair agus ón Dtíghearna Iosa Críosd. Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.
As fírinneach an rádh, agus as fíu é ar gach éunchor gabháíl ris, go dtáinic Iósa Criosd ar an tsáoghal chum peacthach do shlánughadh; agá bhfuilimse um cheann orrtha.
Oír is maith agus is geannamhuil so a bhfíadhnuise Dé ar Slánaightheóir; Ré ar mían na huile dháoine sháoradh, agus íad theachd chum eólais na fírinne.
Oír do shoillsigh gras Dé go deallruigheach do bheir slánughadh ris, chum na nuile dháoineadh,
Achd do chímid Iósa, ar bhfágháil choróine glóire agus onóra, noch do rinneadh feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil tré fhulang an bháis; ionnas go mblaisfeadh sé tré ghrás Dé bás ar son gach áoin.
(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó thús an domháin: achd a nois do foillsigheadh é éun uáir amháin a ndeireadh an tsáoghail, chum an pheacuidh sgrios tré na iodhbairt féin.
Uime sin ag teachd dó chum a tsáogháil, a deir sé, Níor bháil leachd iodhbairt ná ofráil, achd do chum tú corp dhamhsa: A níodhbarthuibh loisge agus a niodhbarthuibh ar son pheacuidh ní raibh fonn agad. A dubhairt misi an tan sin, Féuch, atáim ag teachd (a dtosach an leabhair atá sgríobhtha oram,) chum do tholasa do dhéunamh, a Dhé.
A dheabhráithre, má atá aóin neach bhur measg ar ndul ar seachrán ón bhfírinne, agus gur impóigh éinneach é; Atá bhur saidhbhrios lóbhtha, atá bhur gcluigheacha ar na nithe ó mhíoluibh críona. Bíodh a fhios aige go sárfuidh an tí do iompóigh an peacach ó sheachrán a shligheadh anam ó bhás, agus go gcuirfe folach ar iomad peacadh.
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:
An tí do ní peacadh, as ón díabhal atá sé; óir atá an díabhal ag déunamh peacuigh ó thosach. As chuige so do foillsigheadh Mac Dé, ionnus go sgaóilfeadh sé oibreacha an díabhail.
Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin, Agus do rinne dhínn ríghthe agus sagairt do Dhía agus dá Athair; glóir agus cúmhachda dhósan go sáoghal na sáoghal. Amén.
Agus ar dteachd Diosa do labhair sé ríu, ag rádh, Thugadh dhamsa gach uile chumhachda ar a neamh agus ar talamh.
Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh ar feadh an domhain uile, déanuidh an soisgéul do sheanmóir do gach uile chreatúir. Gidh bé chreidfeas agus bhaisdfithear slainéochthar é; achd gidh bé nach ccreidfi daiméontar é.
Agus a dubhairt sé riá uile, Madh áill ré héinneach misi do leanmhuin, díultadh sé dho féin, agus toghbadh sé a chros gach láoi agus leamadh sé misi.
Agus na dhiaigh so dórduigh an Tighearna mar an gcéadna deithneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé na ndís agus na ndís roimhe féin iád dá gach uile chathruigh agus ionnad, ann a raíbh a theachd féin. Agus gibh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus nach géubhuid siád sibh, ar nimtheachd dáoibh amach ar na sraídibh, abruidh, Craithmíd dhínn bhur naghaidh, go fiú an luaithridh do lean dínn, as bhur gcathruigh: achd cheana bíodh a fhios so aguibh, gur dhruid rioghachd Dé ribh. Agus a deirím bhur ribh, Go madh socamhluighe do na Sodomachaibh an lá úd, ná don chathraighsin. Is anáoibhinn duit, a Chorásin! as anáoibhinn duit, a Bhetsáida! oir dá madh a Dtírus agus a Sídon, do dhéantáoi na miorbhuile do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó da dhéanaidís aithrighe, na suidhe a néadach roín agus a luaithreagh. Ar a nadhbharsin budh socamhluighe do Thírus agus do Shídon ann sa bhreitheamhnus, na dháoibhsi. Agus tusa, a Chapernáum, atá ar do thógbháil súas go neamh, teilgfidhthear siós go hifearnn thú. Gibh bé éisdeas ribhsi is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé do bheir sé neimhchion. Agus do fhilleadar an deithneabhar agus trí fichid maille lé gáirdeachas, ag rádh, A Thighearna, ataíd na deamhuin féin fá smachd aguinne tréd ainmsi. Agus a dubhairt sesion ríu, Do chonnairc mé Sátan marr theinnteach ag tuitim ó neamh. Féuch do bheirim dhíbh cumhachda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh. Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair.
Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá: Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém.
Is misi an tarán béo do thuirrling ó neamh: gidh bé iósas don arán so, mairfidh sé go bráth: agus an tarán do bhéura misi úaim as é mféoil féin é, do bhéura mé ar son bheatha an domháin.
Agus ann sa lá mhór dheigheanach, don tsollamuin, do sheas Iósa agus do éigh sé, ag rádh, Má tá tart ar áonduine, tigheadh sé chugamsa, agus ibheadh sé. Gidh bé chreideas ionnamsa, mar a dubhairt an sgrioptúir, lingfid srotha duisge bhéo as a bhroinn.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreidéas ionnamsa, do dhéuna se na hoibreacha nímsi; agus do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar.
Eísdigh na bríathrasa, a chlann Israél; Iósa Nasarrdhá, duine dearbhtha ó Dhía eadruibhsi maille lé cúmhachduibh agus lé miórbhailibh agus le comharthaidhibh; noch do rinne Día thrídsean eadruibhse, mar is aithne dhibh féin: An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte agus tré réimhfheachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lamhaibh drochdháoine do mharbhabhair é:
Uime sin bíodh a fhios go dearbhtha ag tigh Israél uile, go ndearnuidh Día Tighearna agus Críosd, do Níosasa do chrochabhairsi.
Día Abrahám, agus Isáac, agus Iácob, Día ar naithreachne, do ghlóruighe sé a Mhac féin Iósa; noch do bhraitheabhairse, agus do shéunabhair a bhfíadhnuisi Phíolaid, an tan rug sé do bhreith a sgáoileadh.
As chuguibhse ar tús, do chuir Día a Mhac féin Iósa, ar na dhúsachd ó mharbhuibh, dá bhur mbeannughadh, ionnus go bhfilleadh gach áon aguibh ó bhur nolcaibh.
Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.
Agus atámaóidbe dfíadhnuise ar na huile neithe do rinne sé a ttír Iúdaighe, agus a Niarusalém; noch do mharbhadar dhá chrochadh a gcroich: Agus ag féuchain dósan air go gér, agus ag gabháil eagla, a dubhairt sé, Créd é sin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision ris, Do chuáidh húrnaighthe agus do dhéirce súas a gcoimhne a bhfiadhnuise Dé. Do thog Día é so súas an treas lá, agus dfoillsigh sé é; Ni don phobál uile achd do na fíadhnuisibh do thogh Día roimh láimh, eadhon dúinne, noch do ith agus do ibh na fhochair tar éis a éiseirghe ó mharbhaibh.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh? An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Oír tug mé dhibh ar tús an ní fuáir me mar an gcéadna, eadhon go bhfuáir Críosd bás ar son ar bpeacaidhne do réir na sgriobtúr; Créud fá bhfuilmídne fós a nguáis gach uile uáir? Dar bhur ngáirdeachusa noch atá agumsa a Níosa Críosd ar Dtighearna, do gheibhim bás gach laói. Más do réir nóis dáonna do chomhruic mé ré hainmhidhibh a Nephesus, créud é an tarbha a dtéid sé dhamh, muna néirghid na máirbh? itheam agus íbheam; óir do ghéubham bás a márach. Ná mealltar sibh: truáillidh droch chomhráite béusa maithe. Músgluidh chum firéuntachda, agus na déunaidh peacadh; óir ní bhfuil éolus Dé ag cuid aguibh: as chum adhnáire do chur oraibh a deirim so. Achd a déuraidh neach éigin, Cionnus éirghid na mairbh? agus créud é samhail an chuirp ann a dtigid síad? O a dhuine mhichéllidh, an síol chuireas tusa ní bhéodhthuighear é, muna bhfaghuidh sé bás air tús: Agus a ní shíolchuireas tú, ní hé an corp bhías do shiolchuireas tú, ach grán lom, éadhon, cruithneachda, nó arbhar éigin eile: Achd do bheir Día corp dhó do réir a thola féin, agus dá gach uile shíol a chorp féin fó leith. Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil: achd atá feóil ar leith ag dáoinibh, agus feóil ar leith ag ainmhithibh, agus feóil ar leith ag íasguibh, agus feóil ar leith ag éunlaith. Agus gur hadhlaiceadh é, agus gur éiridh sé an treas lá do réir na sgríobtúr:
Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann:
Amhuil do thógh sé sinn annsan, sul do chrúthuigheadh an dómhan, ionnus go mbéimís náomhtha agus neimhchiontach dhá lathairsion a ngrádh: Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,
Amháín iomchruidh sibh féin go cubhaidh do shoisgéul Chríosd: ionnas dá dtigidh mé agus go bhfaicfeadh sibh, nó dá raibh mé uáibh, gi bhfuighead sgéula oruibh, go bhfuiltí ag fuireach a náoin Sbioruid, agus ag cur lé chéile déininntinn a gcreideamh an tsoisgéil;
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é: Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh. Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach. Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean. Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion. A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna. A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh. Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh. A chlann, bíghidh úmhal do bhur naithribh agus do bhur máthribh sna huile neithibh: óir as mór gean an Tíghearna ar so. A aithreacha, na brosduighe bhur gclann chum feirge, deagla a meisnighe do chur ar gcúl. A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal sna huile neithibh don druing is maighisdridhe oruibh do réir na feóla; ní a seirbhís súl, mar luchd do ní toil na ndaóine; achd maille re neamhurchóid chroidhe, ar mbeith eaglach dhíbh roimhe Dhía: Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis. Achd gidh bé ní eúgcoir, do ghéubhuidh sé lúach sáothair na héugcóra do rinne sé: agus ní bhfuil féuchuin do phearsuinn seach a chéile. Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbéatha folaighthe má ráon ré Críosd a Ndía. An tan fhóillséochthar Críosd, ar mbéathainne, foillséochthar sibhse fós an tan sin a nglór má ráon ris.
Na haitheantasa do choimhéud gan cháidh, gan lochd, go teachd ar Dtíghearna Iósa Críosd:
Achd an tan do shoillsigh féile agus grádh Dé ar Slánaightheóra do dháoinibh, Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh; Do dhóirt sé oruinn go saidhbhir tré Iósa Críosd ar Slanuightheoir. Ionnus ar mbeith dhúinn air ar sáoradh tré na ghrásuibhsion, go ndeuntáoi oighreadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.
Dia, noch do labhair a nallód go minic agus ar mhóghuibh éugsamhla ris na haithreachuibh tres na faidhibh, Agus, As tusa, a Thíghearna, tug fonndameint dhaingean don talamh ó thús: agus a síad na flaitheamhnuis oibreacha do lámh. Rachuid síadsan as a gcrúth; achd fanuidh tusa: agus rachuidh uile a gcaitheamh mar éudach; Agus fillfighear ar a chéile íad mar bhrát, agus béid siad ar na gcláochlúgh: achd as tusa an neach céudna, agus ní rachuidh críoch ar do bhlíadhnuibh. Agus cía do na hainglibh ré a ndúbhairt sé ríamh, Suidh ar mo dheis, nó go gcuiridh mé do naimhde na sdól coa fúd? A né nach sbiorada freasduil íad uile, churthar a mach chum miniosdrálachda ar son na druinge gheubhus oighreachd an tslánaighthe? Do labhair sé rinne sna laéthibh deigheanachasa trés an Mac, do órduigh sé na oighre air a niomlán, tré ar chrúthuigh sé fós an dómhan;
Uime sin ó atá árdsagart mór aguinn, do chúaidh a steach sna neamhuibh, Iósa Mac Dé, congmham go daingean ar nadmháil. Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh.
A chlann bheag, sgríobhuim na neithese chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh. Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéún. An tí ghrádhuigheas a dhearbhráthair atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann. Achd an tí fhuáithigheas a dhearbhráthair atá sé a ndorchadas, agus siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur dhall an corchadas a shúile. Sgríobhuim chuguibh, a chlann bheag, do bhrígh go bhfuilid bhur bpeacuidh ar na maitheamh dhíbh ar son a anmasan. Sgríobhuim chuguibh, a aithreacha, do bhrígh gur ab aithne dhíbh an tí atá ann ó thosuigh. Sgríobhuim chuguibh, a ogánacha, do bhrígh go rugabhair buáidh ar an droch spioruid. Sgríobhuim chuguibh, a leanba beaga, do bhrígh gur an aithne dhíbh an Tathair. Do sgríobh mé chuguibh, a aithreacha, do bhrigh gur ab aithne dhíbh an tí ata ann ó thosuigh. Do sgríobh mé chuguibh, a ógánacha, do bhrígh go bhfuil sibh láidir, agus go bhfuil bríathar Dé na comhnuighe ionnuibh, agus go rugabhair buáidh ar an droch spioruid. Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe. A leanba beaga, atá a naimsir dheigheanach ann: agus amhuil do chúalabhair go dtiucfadh an tainticríosd, atáid a nois cheana morán daintícríosduibh ar néirghe ann; ar a naithnighemíd a naimsir dheigheanach do bheith a lathair. Do chúadar amach as ar measgne, oir ní rabhadar dhínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deimhin má ráon rinn: achd dimthigheadar uainn, ionnus go madh follas nach dínne íad uile. Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.
Féuch, seasaim ag an doras, agus bím dhá bhuáladh: ma éisdeann einneach rém ghúth, agus go noisgeóluidh an doras, racha mé a steach chuige, agus íosad mo shuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.
Agus an tan do chúalaigh Iósa so, a dubháirt sé ríu, Ní ag an mhuinntir a tá slán atá féidhm ar an líaigh, ach dag an mhuinntir a tá easlán. Achd imthigh, agus foghlomaigh a chíall so, Trócaire is áill leam, agus ní hiódhbuirt: óir ní tháinic misi do ghairm na bhfíréunach, achd na bpeacach do chum aithrighe.
Achd más lé Spioruid Dé theilgimsi a mach na deamhain, tháinic rioghachd Dé chugaibhsi go deimhin.
Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Niór cureadh misi achd do chum cáorach thighe Israel do chúaidh ar seachrán.
Agus a deir seision ríu, Déanam do na bailtibh beaga so láimh rinn, do chum go ndéanuinn seanmoir ann sin leis: óir is chuige so tháínic me a mach.
Agus ar ndul a mach Diósa, do chonnairc sé an slúagh mór, agus do ghabh trúaighe mhór dhóibh é, óir do bhádar mar cháorcha gan áodhaire aca: agus do thiónnsgain sé mórán do mhúnadh dhóibh.
Agus tárla na dhiáigh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair, agus gach baile, ag seanmórughadh, agus ag siosgéulughadh ríoghachda Dé: agus an dá fhear dhég na fhochair,
Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.
An lá na dhíaigh sin do chunnairc Eóin Iósa ag teachd chuige féin, agus a dubhairt sé, Féuch Uan Dé, thógbhas peacadh an domhain.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.
Agus soisgéulamáoidne dhíbhse an gealladh do rinneadh dona haithreachaibh, Gur choimhlíon Día dhúinne a gclann é, at dtógbháil Iósa súas arís; mar atá sgríobhtha fós ann sa dara Salm, Is tusa mo Mhacsa, a niugh do ghein mé thú.