Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach ní fhágann sin nach mbeidh cumhacht á tabhairt daoibh nuair a thiocfas an Spiorad Naomh oraibh; agus nach mbeidh sibh in bhur bhfinnéithe agamsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus i Samária agus go leithimeall an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Acht gheobhaidh sibh cumhacht an Spioraid Naoimh a tiócfas oraibh, agus béidh sibh i bhur bhfiadhnaisigh damh-sa i n-Ierusalem, agus san Iudaia go h-iomlán, agus san tSamáire, agus fiú go críocha imchiana an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Ach glacfaidh sibh neart an Spioraid Naoimh ag túirliocan ionaibh, agus beidh sibh i nbhúr lucht fiadnaise dhómhsa i n-Ierúsalem agus i n-Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h-imeall an domhain ar fad.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 1:8
34 Tagairtí Cros  

Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách!


Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse do theaghlach Iosrael. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé.


Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir!


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.


Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.


Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.


Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael.


Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.


Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.


Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,


Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.


Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.


Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.


agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu.


Déanann sibhse fianaise freisin, mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.


ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd a tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí.”


rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”


agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig anuas leis ón nGailíl go Iarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail.


Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.


Mar beidh tú i do fhinné aige os comhair an uile dhuine ar a bhfuil feicthe agus cloiste agat.


Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.


Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile.


Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.”


Bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht agus é ag déanamh éachtaí agus míorúiltí taibhseacha i measc an phobail.


Agus thoiligh Sól lena dhúnmharú. An lá sin féin thosaigh géarleanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire.


Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”


le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.


Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí