Lúcás 4:35 - An Bíobla Naofa 198135 Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d'imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)35 Ach bhagair Íosa air, agus ar seisean, “Bí i do thost, agus tar amach!” Agus chaith an deamhan ar lár é i measc an tslua, agus tháinig sé amach as, gan dochar a dhéanamh dó. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara35 Agus bhagair Íosa air, ag rádh: Bí do thost, agus gach amach as. Agus nuair a chaith an deamhan i lár báire é, d’imthigh sé amach as, gan díoghbháil ar bith a dhéanamh dó. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)35 Agus do smachtuigh Íosa é, g‐á rádh, Bí id’ thost, agus tar amach as. Agus tar a éis do’n deamhan a threascairt ar lár, tháinig sé amach as gan aon díoghbháil do dhéanamh dhó. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)35 Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhó. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)35 Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair, agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an duine ar lár an úrláir, agus d’imthigh sé amach as gan aon díobháil a dhéanamh dó. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201235 Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair cách é agus dʼimigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó. Féach an chaibidil |