Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair, agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an duine ar lár an úrláir, agus d’imthigh sé amach as gan aon díobháil a dhéanamh dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Ach bhagair Íosa air, agus ar seisean, “Bí i do thost, agus tar amach!” Agus chaith an deamhan ar lár é i measc an tslua, agus tháinig sé amach as, gan dochar a dhéanamh dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus bhagair Íosa air, ag rádh: Bí do thost, agus gach amach as. Agus nuair a chaith an deamhan i lár báire é, d’imthigh sé amach as, gan díoghbháil ar bith a dhéanamh dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do smachtuigh Íosa é, g‐á rádh, Bí id’ thost, agus tar amach as. Agus tar a éis do’n deamhan a threascairt ar lár, tháinig sé amach as gan aon díoghbháil do dhéanamh dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair cách é agus dʼimigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

35 Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d'imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:35
17 Tagairtí Cros  

Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach?


Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór.


Ansan do chuir an annsprid truaillighthe sgread as, agus bhain sé stracadh as an nduine, agus d’imthigh sé amach as.


Agus d’eírigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin.


Ach do rug Íosa ar láimh air, agus do thóg sé suas é; agus d’eirigh sé.


Ach má thagann fear is treise ’na é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainnfidh sé a chuid.


Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh’airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad’ dhúthaigh féin iad.


Agus do sheasaimh sé os a cionn agus d’órduigh sé do’n éagcruas imtheacht, agus d’imthigh an t-éagcruas di. Agus d’eirigh sí láithreach agus dhein sí friothálamh ortha.


Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.


Agus thánadar chuige agus dhúisigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, tá an dár againn. Agus d’eirigh sé agus do labhair sé leis an ngaoith agus leis na tonnaibh uisge, agus do stadadar agus tháinig ciúnas.


Agus féach, beireann an deamhan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé ’ghá leagadh agus ’ghá stracadh as a chéile, agus cúbhar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis ach ’ghá stracadh.


Agus nuair a bhí sé ag teacht do leag an deamhan é, agus bhí sé ’ghá stracadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí