Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IV. Trosgadh Chríost, agus cath d’á chur air. Géarleanmhaint air i Nasaret: A mhírbhúiltí i gCapbarnaum.

1 Agus bhí Íosa lán de’n Spioraid Naomh, agus tháinig sé thar n-ais ó’n Iórdan, agus do sheól an Spioraid isteach sa bhfásach é,

2 Ar feadh dachad lá, agus do cuireadh cath air ó’n annsprid; agus níor ith sé bia i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig ocras air.

3 Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go ndéanfadh arán di.

4 Agus d’fhreagair Íosa é: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia.

5 Agus do sheól an diabhal é go mullach cnuic aoird, agus thaisbeáin sé do, i n-aon phúnc amháin aimsire, rígheachta an domhain go léir,

6 Agus dubhairt sé leis: Tabharfad-sa dhuit-se na cómhachta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugadh dom iad, agus tugaim iad do m’rogha duine.

7 D’á bhrígh sin, má dheineann tú mise dh’adhradh, ansan os mo chomhair, is leat iad go léir.

8 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia agus déanfair seirbhís dó san amháin.

9 Agus do rug sé leis é isteach i n-Ierúsalem, agus chuir sé ’n-a sheasamh é ar spuaic an teampail, agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac De caith thu féin le fánaidh;

10 Óir tá sgríobhtha: Gur thug sé órdú ad’ thaobh d’á aingealaibh go ndéanfaidís tu thabhairt saor,

11 Agus go ndéanfaidís tu ghabháil ’n-a nglacaibh sar a’ mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche.

12 Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Tá ráidhte, leis: Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia.

13 Agus nuair a bhí an cath go léir críochnuighthe d’imthigh an diabhal uaidh ar feadh aimsire.

14 Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-air go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir.

15 Agus bhíodh sé ag teagasg ins na sinagógaibh agus iad go léir ’ghá mholadh.

16 Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide, isteach sa tsinagóig, agus d’eirigh sé ’n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh.

17 Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d’osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite ’n-a raibh sgríobhtha:

18 Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas,

19 Chun fuasgailte dh’fhógairt do’n mhuintir atá i mbraighdineas, agus radharc do sna dallaibh, agus dul as do’n mhuintir atá i gcruadhtan, chun bliana fabhair an Tighearna a dh’fhógairt, agus lae an tuarasdail.

20 Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé thar n-ais é do’n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air.

21 Agus thusnuigh sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se.

22 Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo?

23 Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh’airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad’ dhúthaigh féin iad.

24 Agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne i n’fháidh ’n-a dhúthaigh féin.

25 Deirim libh le fírinne go raibh mórán baintreach i n-Israél i laethibh Elias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, agus an gorta mór sa tír go léir:

26 Agus ní h-ag triall ar aoinne acu do cuireadh Elias ach ag triall ar an mnaoi a bhí ’n-a baintrigh i Sarepta Shidónia.

27 Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Elisaéus agus níor glanadh aoinne acu ach Naaman an Síriánach.

28 Agus bhí a raibh sa tsinagóig lán d’fheirg nuair airigheadar an chaint sin.

29 Agus d’eirigheadar agus chomáineadar amach as an gcathair é; agus do rugadar leó é go h-imeall an chnuic ar a raibh an chathair déanta, chun é chaitheamh le fánaidh.

30 Ach do ghluais sé tré n-a lár agus d’imthigh sé uatha.

31 Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan gach sabbóid.

32 Agus chuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.

33 Agus bhí sa tsinagóig duine n-a raibh deamhan neamhghlan ann, agus do ghlaoidh sé do ghuth árd,

34 Agus dubhairt: leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá ’fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé.

35 Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair, agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an duine ar lár an úrláir, agus d’imthigh sé amach as gan aon díobháil a dhéanamh dó.

36 Agus tháinig crith-eagla ar na daoine go léir, agus bhiodar ag caint eatartha féin, agus deiridís: Cad é seo mar bhriathar, go smachtuigheann sé le cómhacht agus le neart na h-annspridí neamhghlana, agus go n-imthíghid siad amach?

37 Agus do leath a chlú ins gach aon pháirt de’n tír.

38 Agus nuair eirigh Íosa ó’n tsinagóig chuaidh sé isteach i dtigh Shímóin, agus bhí éagcruas ana-throm ar mháthair céile Shímóin, agus bhíodar ag cur achainighe chuige ar a son.

39 Agus do sheasaimh sé os a cionn agus d’órduigh sé do’n éagcruas imtheacht, agus d’imthigh an t-éagcruas di. Agus d’eirigh sí láithreach agus dhein sí friothálamh ortha.

40 Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar ’ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad.

41 Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.

42 Agus nuair tháinig an lá d’imthigh sé amach agus chuaidh sé i n-áit uaigneach, agus bhí na sluaighte ’ghá lorg, agus thánadar chun na h-áite ’n-a raibh sé, agus bhíodar ’ghá choimeád le h-eagla go n-imtheóchadh sé uatha.

43 Agus dubhairt sé leó: Ní foláir dom rígheacht Dé do chraobhsgaoileadh i gcatharachaibh eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.

44 Agus bhí sé ag seanmóin i sinagógaibh Gaililí.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí