Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus dubhairt sé leis: Tabharfad-sa dhuit-se na cómhachta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugadh dom iad, agus tugaim iad do m’rogha duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 go ndúirt leis, “Is duitse a thabharfaidh mé a gcumhacht siúd agus a nglóir siúd uile; mar is liom a taobhaíodh é agus a chead agam a bhronnadh ar mo rogha duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus dubhairt sé leis: Bhéarfaidh mé an chumhacht seo uilig duit, agus a nglóir, óir tugadh damh-sa iad, agus bheirim iad do mo rogha duine.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus adubhairt an diabhal leis, Do‐bhéarfad duit‐se an chumhacht uile sin, agus a mórdhacht: óir tugadh damh‐sa é; agus tig liom a bhronnadh ar an té is rogha liom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a dubhairt an diabhal ris, Do bhéara misi na cumhachda so uile dhuit, agus a nglóir: óir do tugadh dhamshsa í; agus do bheirim í don tí as toil leam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an for-lámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim do cibé is áil liom é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:6
15 Tagairtí Cros  

D’á bhrígh sin, má dheineann tú mise dh’adhradh, ansan os mo chomhair, is leat iad go léir.


Anois atá breith tabhartha ar an saoghal so; anois a caithfar amach priúnsa an tsaoghail seo.


Ní déarfad puinn i nbhúr bhfocair anois. Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní’l nídh ar bhith aige ionam-sa.


Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí