Lúcás 4 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012Íosa dá Phromhadh ag Sátan 1 Tháinig Íosa, agus é lán den Spiorad Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid sa bhfhásach é 2 go ceann daichead lá, dá phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air. 3 Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di féin.” 4 Agus dʼfhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’” 5 Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; 6 agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an for-lámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim do cibé is áil liom é. 7 Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.” 8 Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’” 9 Ansin sheol sé go hIarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin as seo síos; 10 óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís thú’; 11 agus: ‘Iompróidh siad ina lámha thú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’” 12 Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’” 13 Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, dʼfhág sé é nó go dtiocfadh an uain. Íosa i Nazarat 14 Agus dʼfhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir. 15 Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air. 16 Tháinig sé go Nazarat, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus mʼéirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. 17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa: 18 “Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor; 19 ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.” 20 Dʼfhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. 21 Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclós bhur gcluas.” 22 Agus thug cách fianaise air, bʼionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é seo mac Iósaef?” 23 Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an sean-fhocal: ‘A lia, leigheas thú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáúm, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’” 24 Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. 25 Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir, 26 agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun baintreach mná i Zárafat i dtír Shiodón. 27 Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Siriach.” 28 Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad dʼfheirg, 29 agus mʼéirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. 30 Ach ghabh sé trína lár agus dʼimigh leis. Teagasc agus Leighseanna i gCafarnáúm 31 Chuaigh sé síos go Cafarnáúm, cathair sa Ghailíl. Agus bhí sé dá dteagasc lá sabóide. 32 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar. 33 Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard: 34 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.” 35 Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair cách é agus dʼimigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó. 36 Agus bhí alltacht ar cách agus bhí siad ag caint eatarthu féin ag rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.” 37 Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre. 38 Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son. 39 Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus dʼfhág an fiabhras í; agus mʼéirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu. 40 Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sórt galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad. 41 Agus bhí mórán freisin, a n-imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é. 42 Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite dá lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí dá choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu. 43 Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia. |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.