Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé thar n-ais é do’n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Agus dhruid sé an leabhar, agus thug sé ar ais don fhreastalaí é, agus shuigh sé faoi; agus bhí a raibh sa tsionagóg ag díriú a súl air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus nuair a dhruid sé an leabhar, thug sé thar ais do’n fhreastalaidhe é, agus shuidh sé síos. Agus bhí súla a raibh san tsineagóig sáithte ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus do dhún sé an leabhar, agus thug sé ar ais do’n fhreastalaidhe é, agus do shuidh sé síos: agus do bhí súile a raibh sa teampall ag féachain go géar air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus ar ndúnagh an leabhair dhó, agus ar na tabhairt arís don ghiolla, do shuidh sé. Agus do bháda suile a raibh ann sa tsínagoig uile ag féachain air go géur.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Dʼfhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 D'fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:20
13 Tagairtí Cros  

An uair sin dubhairt Íosa leis an sluagh: Thánabhair amach chun beirthe orm, agus claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun beirthe ar bhitheamhnach. Bhíos am’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair orm.


Agus chuir sé ’n-a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun bhéil na h-uagha, agus d’imthigh sé.


Agus níor bh’ féidir leó cuimhneamh ar cad a dhéanfaidís, mar bhí na daoine go léir ar tinniol ag éisteacht leis.


Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d’osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite ’n-a raibh sgríobhtha:


Agus thusnuigh sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se.


Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing.


Agus tháinig sé isteach sa teampul airís go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir ag triall air agus do shuidh sé agus bhí sé ’ghá dteagasg.


Agus lá na sabbóide chuamair amach an geata i n-aice abhan, mar ar samhluigheadh úrnuighthe bheith ar siúbhal, agus do shuidheamair ann agus bhíomair ag cainnt le mnáibh a bhí cruinnighthe ann.


Agus do chonnaic Peadar iad agus d’fhreagair sé an pobhul: A fheara Israéil, cad ab aíl libh ag déanamh iongna dhe seo, ná ag féachaint orainne chómh maith agus dá mba le n-ár neart féin nú le n-ár gcómhacht féin a chuirfimís an duine seo ag siubhal?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí