Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:43 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus dubhairt sé leó: Ní foláir dom rígheacht Dé do chraobhsgaoileadh i gcatharachaibh eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

43 ach is é a dúirt sé leo, “Caithfidh mé dea-scéala ríocht Dé a fhoilsiú do na cathracha eile freisin; mar is le sin a dhéanamh a cuireadh chugaibh mé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

43 Acht dubhairt seisean leo: Is éigean damh ríoghacht Dé a chraobhscaoileadh ins na cathracha eile fosta, óir is fá n-a choinne sin a cuireadh mé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Acht adubhairt sé leo, Caithfidh mé déigh‐scéala ríoghachta Dé do chraobhscaoileadh ins na cathrachaibh eile, chómh maith: óir is chuige sin do cuireadh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Achd a dubhairt seision ríu, Go firinneach is éigin damhsa flaitheas Dé do sheanmóir do chaithreachaibh eile leis: óir is chuige so do cuireadh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

43 Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

43 Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” 44 Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:43
12 Tagairtí Cros  

Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus d’eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d’imthigh sé amach agus chuaidh sé go h-áit uaigneach, agus bhí sé ag guidhe ann.


Ansan dubhairt sé airís leó: Síothcháin daoibh. Fé mar a sheól an t-Athair mise seólaim-se sibh-se.


Tá orm-sa oibreacha an t-é a chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann; tá an oidhche ag teacht nuair nách féidir d’aoinne obair a dhéanamh.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí