Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus bhí Íosa lán de’n Spioraid Naomh, agus tháinig sé thar n-ais ó’n Iórdan, agus do sheól an Spioraid isteach sa bhfásach é,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus dʼfhill Íosa ón Iornán, agus é lán den Spiorad Naomh, agus bhí an Spiorad á stiúradh

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus phill Íosa ó’n Iordáin, agus é lán de’n Spiorad Naomh, agus threoruigh an Spiorad isteach san fhásach é,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus d’fhill Íosa, lán de’n Spiorad Naomh, ar ais ó Iórnán, agus do threornuigh an Spiorad sa bhfásach é,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ar mbeith Diosa lán don Spiorad Náomh, do fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréornigheadh leis an Spioruid ar an bhfásach é,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Tháinig Íosa, agus é lán den Spiorad Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid sa bhfhásach é

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:1
19 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhí Íosa baistithe tháinig sé aníos as an uisge láithreach; agus féach, do h-osgaladh na flathais dó, agus chonaic sé Spioraid Dé ag teacht anuas i riocht colúir agus ag túirliocan air.


Agus tháinig sé, sa spioraid, isteach sa teampul. Agus nuair a thug a mhuintir an leanbh Íosa isteach ann, ag cómhlíonadh nóis na dlíghe dhó;


Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí,


Mic Enós, mic Sét, mic Adam, mic Dé.


Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-air go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir.


Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas,


Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt: Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air.


Óir an t-é a chuir Dia uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tómhais a thugann Dia an Spioraid uaidh.


Go dtí an lá nar deasgabháladh é tar éis a aitheanta thabhairt do sna h-Aspolaibh a thoigh sé, tríd an Spioraid Naomh.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Agus nuair a thánadar aníos as an uisge d’fhuadaigh Spioraid an Tighearna Pilib agus ní fheacaidh an coillteánach a thuille é. Ach d’imthigh sé a bhóthar féin agus áthas air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí