Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus d’fhill Íosa, lán de’n Spiorad Naomh, ar ais ó Iórnán, agus do threornuigh an Spiorad sa bhfásach é,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus dʼfhill Íosa ón Iornán, agus é lán den Spiorad Naomh, agus bhí an Spiorad á stiúradh

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus phill Íosa ó’n Iordáin, agus é lán de’n Spiorad Naomh, agus threoruigh an Spiorad isteach san fhásach é,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ar mbeith Diosa lán don Spiorad Náomh, do fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréornigheadh leis an Spioruid ar an bhfásach é,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus bhí Íosa lán de’n Spioraid Naomh, agus tháinig sé thar n-ais ó’n Iórdan, agus do sheól an Spioraid isteach sa bhfásach é,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Tháinig Íosa, agus é lán den Spiorad Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid sa bhfhásach é

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:1
19 Tagairtí Cros  

Agus ar mbeith d’Íosa baistthe, do chuaidh sé suas as an uisce ar an láthair: agus, féach, do foscladh na flaithis dó, agus do chonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i riocht cuilm, agus ag teacht anuas air:


Agus tháinig sé tríd an Spiorad isteach sa teampall: agus nuair thug an t‐athair agus an mháthair an leanbh Íosa isteach, chum go ndéanfaidís ’n‐a thaobh de réir gnáth‐nóis na dlighe,


Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh;


mic Enós, mic Shét, mic Ádhaimh, mic Dé.


Agus tháinig Íosa ar ais, i gcumhacht an Spioraid, do’n Ghalilé: agus do leath a chlú ar fud na tíre uile sin, má gcuaird.


Ata Spiorad an Tighearna orm, De bhrigh gur ong sé mé chum déigh‐scéala do chraobhscaoileadh do na bochtaibh: Do chuir sé uaidh mé chum fuascailt d’fhógairt do na braighdeánaibh, Agus radharc do na dallaibh, Chum saoirse do thabhairt dóibh‐sean atá brúighte,


Agus thug Eoin fiadhnaise, g‐á rádh, Do chonnacas an Spiorad ag teacht ó neamh anuas i riocht cuilm; agus d’fhan sé air.


Óir an té do chuir Dia uaidh labhrann sé briathra Dé: óir ní de réir tómhais bhronnas Dia an Spiorad.


go dtí an lá ’n‐ar tógadh suas é, tar a éis dó aitheanta do thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na h‐abstalaibh do thogh sé;


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.


Agus nuair thángadar aníos as an uisce, d’fhuaduigh Spiorad an Tighearna Pilib; agus ní fhaca an coillteánach as sin amach é, óir d’imthigh sé ar a bhóthar agus árd‐áthas air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí