Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus bhíodh sé ag teagasg ins na sinagógaibh agus iad go léir ’ghá mholadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus bhí sé ag tabhairt teagaisc ina sineagóga, agus gach aoinneach ghá mholadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus bhíodh sé ag teagasc ins na sionagógaibh, agus na daoine go léir g‐á mholadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:15
10 Tagairtí Cros  

Agus tháinig sé isteach ’n-a dúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta?


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta.


Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómhacht do dhaoinibh.


Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bhíodar ag fiafraighe dhá chéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h-annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó?


Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach.


Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.


Agus bhíodh sé ag teagasg ’n-a sinagóig ins na sabbóidibh.


Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide, isteach sa tsinagóig, agus d’eirigh sé ’n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí