Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus bhíodh sé ag teagasc ins na sionagógaibh, agus na daoine go léir g‐á mholadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus bhí sé ag tabhairt teagaisc ina sineagóga, agus gach aoinneach ghá mholadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus bhíodh sé ag teagasg ins na sinagógaibh agus iad go léir ’ghá mholadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:15
10 Tagairtí Cros  

Agus ag teacht isteach ’n‐a dhúthaigh féin dó, thug sé teagasc dóibh ’n‐a sionagóig, i dtreo go raibh iongnadh ortha, agus go ndubhradar, Cá bhfuair an fear so an eagna, agus na cumhachta móra so.


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


Agus do ghluais Íosa thart timcheall ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas gach uile shóirt galair agus breoiteachta.


Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh.


Agus tháinig uathbhás ortha uile agus d’fhiafruigheadar díobh féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smacht go h‐ughdarásach ar na spioraidibh neamh‐ghlana féin, agus géilleann siad dó.


Agus do chuaidh sé isteach i n‐a sionagógaibh ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caitheamh deamhan amach.


Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird.


Agus do bhí sé ag teagasc i sionagóig áirithe, lá na sabóide.


Agus tháinig sé go Nasair, mar ar h‐oileadh é, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabóide, isteach sa tsionagóig, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh chum léightheoireacht do dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí