Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus tháinig sé go Nasair, mar ar h‐oileadh é, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabóide, isteach sa tsionagóig, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh chum léightheoireacht do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus tháinig sé go Nasair, an áit ar tógadh é; agus chuaigh sé chun na sionagóige lá na sabóide mar ba nós leis. Agus dʼéirigh sé ina sheasamh a léamh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus tháinic sé go Nasair mar ar tógadh é, agus chuaidh sé isteach san tsineagóig lá na sabóide, mar ba ghnáthach leis, agus d’éirigh sé ina sheasamh le léightheoireacht a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide, isteach sa tsinagóig, agus d’eirigh sé ’n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Tháinig sé go Nazarat, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus mʼéirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:16
14 Tagairtí Cros  

agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.


Agus nuair do bhí gach nidh chóimhlíonta aca de réir dlighe an Tighearna, d’fhilleadar go dtí an Ghalilé, go dtí a mbaile féin Nasair.


Agus nuair do bhí sé dhá bhliadhain déag d’aois, do chuadar suas mar ba ghnáthach, aimsir na féile;


Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.


Agus bhíodh sé ag teagasc ins na sionagógaibh, agus na daoine go léir g‐á mholadh.


Agus tugadh dhó leabhar Ésáias, fáidh. Agus d’fhoscail sé an leabhar, agus fuair sé an áit ’n‐a bhfuil scríobhtha,


Agus do thosnuigh sé ar a rádh leo, Atá an scrioptúir cóimhlíonta indiu i n‐bhúr gcluasaibhse.


Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis.


D’fhreagair Íosa dhó, Do labhras go foscailte leis an saoghal; do‐ghnínn teagasc i gcómhnaidhe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinnigheann na h‐Iúdaigh uile le chéile; níor labhras éinnidh fá cheilt.


agus do chuaidh Pól isteach chuca, mar ba ghnáth leis, agus ar feadh trí lá sabóide, do bhí sé ag diospóireacht leo as na scrioptúiribh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí