Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh’airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad’ dhúthaigh féin iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus ar seisean leo, “Níl amhras nach luafaidh sibh an seanfhocal seo liom, ‘Leigheas thú féin, a lia úd’; agus sibh á iarraidh orm, ‘Déan anseo i do thír féin an rud a chualamar a rinne tú i gCaparnáum.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus dubhairt sé leo: Gan amhras déarfaidh sibh an sean-fhocal seo liom: A liaigh, leigheas thú féin; neithe cómh mór agus chualamar a rinneadh i gCapharnaum, déan iad fosta annseo i do dhúthaigh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh rium gan ambarus an seanfhocalsa, A líagh, leighis thú féin: leitheid na neitheadh do chúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad dhúithche féin íad

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an sean-fhocal: ‘A lia, leigheas thú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáúm, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:23
20 Tagairtí Cros  

Agus tháinig sé isteach ’n-a dúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta?


Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim.


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus d’imthigh sé ó’n áit sin agus tháinig sé chun a thíre féin, agus do leanadar a dheisgiobuil é.


Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.


Agus d’fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh. Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir ’n-a croidhe féin.


Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide, isteach sa tsinagóig, agus d’eirigh sé ’n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh.


Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan gach sabbóid.


Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair, agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an duine ar lár an úrláir, agus d’imthigh sé amach as gan aon díobháil a dhéanamh dó.


Nó conus is féidir duit a rádh le t’bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán a bhaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.


Agus d’fhág an bhean an t-árthach ’n-a diaidh, agus d’imthigh sí isteach sa chathair agus dubhairt si leis na daoine:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí