Lúcás 4:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)23 Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)23 Agus ar seisean leo, “Níl amhras nach luafaidh sibh an seanfhocal seo liom, ‘Leigheas thú féin, a lia úd’; agus sibh á iarraidh orm, ‘Déan anseo i do thír féin an rud a chualamar a rinne tú i gCaparnáum.’” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara23 Agus dubhairt sé leo: Gan amhras déarfaidh sibh an sean-fhocal seo liom: A liaigh, leigheas thú féin; neithe cómh mór agus chualamar a rinneadh i gCapharnaum, déan iad fosta annseo i do dhúthaigh féin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh rium gan ambarus an seanfhocalsa, A líagh, leighis thú féin: leitheid na neitheadh do chúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad dhúithche féin íad Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)23 Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh’airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad’ dhúthaigh féin iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201223 Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an sean-fhocal: ‘A lia, leigheas thú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáúm, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198123 Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’ ” Féach an chaibidil |
Nó cionnas is féidir leat a rádh led’ bhráthair, A bhráthair, leig dom an dubhradán atá id’ shúil do bhaint aisti, agus nach bhfeiceann tú an tsail atá id’ shúil féin? A fhíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do shúil féin, agus annsin dochífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.