Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus thugadar go léir an‐aire dhó, agus do‐rinneadar iongnadh de ghrás na mbriathar tháinig ó n‐a bhéal; agus adubhradar, Nach é mac Sheosaimh é seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Agus níl duine nach raibh an dea-fhocal aige faoi, agus nach ndearna iontas faoi na briathra grásúla a bhí ar a bhéal; agus dúirt siad, “Nach é mac Iósaif é seo?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus rinne siad uilig fiadhnaise leis, agus b’iongnadh leo na briathra grásamhla a thigeadh as a bhéal, agus deireadh siad: Nach é seo mac Ióseph?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus do rinneadar uile fiadhnuisi leis, agus do bhí iongantus aca ann sna combráitibh grásamhla do thigeadh as a bhéul. Agus a deirdís, An né nach é so mac Ióseph?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Agus thug cách fianaise air, bʼionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é seo mac Iósaef?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:22
20 Tagairtí Cros  

agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé.


Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn.


óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh.


Agus do thosnuigh sé ar a rádh leo, Atá an scrioptúir cóimhlíonta indiu i n‐bhúr gcluasaibhse.


Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh.


Agus adubhradar, Nach é seo Íosa mac Sheosaimh, go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? cionnas, d’á bhrigh sin, adeir sé, Tháinig mé anuas ó neamh?


D’fhreagair na maoir, Níor labhair aon duine riamh mar labhrann an fear so.


Agus do sháruigh ortha cur i gcoinnibh na h‐eagna agus i gcoinnibh an Spioraid le n‐ar labhair sé.


ar mhodh go gcuirfear náire ar an trasnálaidhe, gan droch‐fhocal bheith fágtha aige le rádh ’n‐ár dtaobh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí