Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d’osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite ’n-a raibh sgríobhtha:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 agus ba é leabhar an fháidh Ísáia a tugadh dó. Dʼoscail sé an leabhar go bhfuair sé an áit a raibh sé scríofa,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus tugadh dó leabhar Isaiais, fáidh. Agus nuair a d’fhoscail sé an leabhar, fuair sé an áit ina raibh scríobhtha:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus tugadh dhó leabhar Ésáias, fáidh. Agus d’fhoscail sé an leabhar, agus fuair sé an áit ’n‐a bhfuil scríobhtha,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:17
9 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san.


Agus go ndeir Dáibhid féin, i leabhar na Salm, Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna: Suidh as mo dheis,


Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide, isteach sa tsinagóig, agus d’eirigh sé ’n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh.


Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas,


Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé thar n-ais é do’n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air.


Agus nuair a bhí léighead na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtaráin na sinagóige teachtaireacht chúcha ’ghá rádh: A fheara, a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt theagaisg do’n phobul abraidh í.


Óir níor aithın muinntir Ierúsalem é, agus níor aithin uaisle Ierúsalem é, ná guthana na bhfáidh, bíodh go léightear iad gach sabbóid, agus thugadar breith air agus chómhlíonadar guthana na bhfáidh.


Agus d’iompuigh Dia agus do leig sé dhóibh bheith ag déanamh seirbhíse do shluagh neimhe, man atá sgríobhtha i leabhar na bhfáidh: Ar dheineabhair ofráil agus ídhbhirt dómhsa sa bhfásach i gcaitheamh dachad bhlian a leaglach Israéil?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí