Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 agus ba é leabhar an fháidh Ísáia a tugadh dó. Dʼoscail sé an leabhar go bhfuair sé an áit a raibh sé scríofa,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus tugadh dó leabhar Isaiais, fáidh. Agus nuair a d’fhoscail sé an leabhar, fuair sé an áit ina raibh scríobhtha:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus tugadh dhó leabhar Ésáias, fáidh. Agus d’fhoscail sé an leabhar, agus fuair sé an áit ’n‐a bhfuil scríobhtha,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d’osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite ’n-a raibh sgríobhtha:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:17
9 Tagairtí Cros  

Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’


Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis,


Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.


“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;


D'fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.


Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu á rá: “Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.”


Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán [Íosa], ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcrích ráite úd na bhfáithe a bhíodh á léamh dóibh gach lá sabóide.


Ach d'iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain san fhásach, a theaghlach Iosrael;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí