Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 4:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Seo é an grá - ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Is é is grá ann, ní hé gur ghrámama Dia, ach gur ghráigh Dia sinn agus gur chuir sé a Mhac uaidh mar leorghníomh inár bpeacaí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Is ann atá an grádh, ní h‐é go dtugamar grádh do Dhia, acht go dtug seisean grádh dhúinne, agus gur chuir sé a Mhac uaidh mar íodhbarthach ar son ár bpeacaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhía, achd go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadh a Mhac féin na iodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Seo é an grá–ní gur thugamar-na grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 4:10
20 Tagairtí Cros  

Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.


Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.


Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.


Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t‑arán seo mairfidh sé go deo, agus an t‑arán a thabharfaidh mé uaim is é m'fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”


Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.


D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.


Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad


Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.


Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.


Tugaimisne grá, mar gur thug seisean grá dúinne ar dtús.


Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí