Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 4:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 A dhaoine grámhara, má ghráigh Dia mar seo sinn, ba chóir dúinn a chéile a ghráú.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 A cháirde ionmhaine, má bhí grádh chómh mór sin ag Dia dhúinn, ba cheart dúinne grádh do thabhairt d’á chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 A cháirde, má ghrádhuigh Día sinne mar sin, atá dfíachuibh oruibhe mar an gcéudna a chéile do ghrádhughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 4:11
14 Tagairtí Cros  

Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”


Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.


Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.


Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.


A chairde cléibh, ní aon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus sí an tseanaithne sin an focal a chuala sibh.


Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile.


Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d'ordaigh seisean dúinn.


A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.


Ach anois achainím ar do Shoilse - ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús - go dtugaimis grá dá chéile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí