Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Eoin 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A cháirde ionmhaine, ná creididh gach aon spiorad, acht déanaidh fromhadh ar na spioraidibh, d’fhéachain an ó Dhia atáid: de bhrigh go bhfuil a lán fáidhe bréige imthighthe amach san tsaoghal.

2 Is air so aithneochas sibh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas Íosa Críost tháinig san gcolainn, is ó Dhia atá sé:

3 agus gach spiorad nach n‐admhuigheann Íosa, ní ó Dhia atá sé: agus is é spiorad an ain‐chríosta é, go gcualabhar scéal go raibh sé le teacht; agus atá sé san tsaoghal cheana féin.

4 Is ó Dhia atá sibh‐se, a chlann bheag, agus atá buaidhte agaibh ortha‐san: óir is treise an té atá ionnaibh‐se ’ná an té atá san tsaoghal.

5 Is daoine de lucht an tsaoghail iad‐san: uime sin labhrann siad ar nós an tsaoghail, agus éisteann an saoghal leo.

6 Is daoine de chlainn Dé sinne: an té go bhfuil aithne aige ar Dhia éisteann sé linn; an té nach bhfuil ó Dhia ní éisteann sé linn. Air so is eadh aithnighmíd spiorad na fírinne agus spiorad an tseachráin.

7 A cháirde ionmhaine, bíodh grádh againn d’á chéile: óir is ó Dhia thig an grádh; agus gach duine ghrádhuigheas, is ó Dhia do geineadh é, agus aithnigheann sé Dia.

8 An té nach ngrádhuigheann, ní fhuil aithne aige ar Dhia; óir is grádh é Dia.

9 Is mar so do nochtadh grádh Dé dhúinn, gur chuir Dia a Aon‐Mhac féin isteach san tsaoghal chum go mairfímís tríd.

10 Is ann atá an grádh, ní h‐é go dtugamar grádh do Dhia, acht go dtug seisean grádh dhúinne, agus gur chuir sé a Mhac uaidh mar íodhbarthach ar son ár bpeacaidhe.

11 A cháirde ionmhaine, má bhí grádh chómh mór sin ag Dia dhúinn, ba cheart dúinne grádh do thabhairt d’á chéile.

12 Ní fhaca aoinneach Dia ariamh: má tá grádh againn d’á chéile, cómhnuigheann Dia ionnainn, agus curtar a ghrádh i gcrích ionnainn.

13 Is air so aithnighmíd go gcómhnuighmíd ann, agus go gcómhnuigheann seisean ionnainn, de bhrigh gur roinn sé a spiorad linn.

14 Agus do chonnacamar agus do‐bheirimíd fiadhnaise gur chuir an tAthair a Mhac uaidh mar Shlánuightheoir an domhain.

15 Cibé duine admhóchas gur ab é Íosa Mac Dé, cómhnuigheann Dia ann, agus cómhnuigheann seisean i nDia.

16 Agus d’aithnigheamar an grádh atá ag Dia dhúinn, agus do chreideamar ann. Is grádh é Dia; agus an té chómhnuigheas san ngrádh, cómhnuigheann sé i nDia, agus cómhnuigheann Dia ann.

17 Is mar sin curtar a ghrádh i gcrich ionnainn, chum go mbéidh uchtach againn i lá an bhreitheamhnais; de bhrigh go mbímíd san tsaoghal mar bhíonn seisean.

18 Ní fhuil eagla san ngrádh, acht is amhlaidh chuireas grádh iomlán an eagla amach, óir baineann peannaid leis an eagla agus an té go mbíonn eagla air, ní fhuil a ghrádh go h‐iomlán.

19 Do‐bheirimíd grádh dhósan de bhrigh go raibh tosach aige‐sean ag tabhairt grádha dhúinne.

20 Má deir aoinneach, Atá grádh do Dhia agam, agus fuath dó bheith aige d’á bhráthair, is bréagaire é; óir an té atá gan grádh do’n bhráthair do chonnaic sé, ní féidir leis grádh do thabhairt do Dhia nach bhfaca sé.

21 Agus atá an aithne againn uaidh, An té ghrádhuigheas Dia, tabhradh sé grádh d’á bhráthair mar an gcéadna.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí