Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 4:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Is ó Dhia atá sibh‐se, a chlann bheag, agus atá buaidhte agaibh ortha‐san: óir is treise an té atá ionnaibh‐se ’ná an té atá san tsaoghal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 A pháisti mo chroí, is ó Dhia sibh, agus tá an bua agaibh orthu; óir is láidre an té atá ionaibh ná an té atá sa saol.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Sibh-se, áfach, a chlann liom, is ó Dhia daoibh agus tá buaite agaibh orthu siúd, mar gur treise an té atá ionaibhse ná an té atá ar an saol.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Sibhse, áfach, a chlann liom, is ó Dhia daoibh agus tá buaite agaibh orthu siúd, mar gur treise an té atá ionaibhse ná an té atá ar an saol.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 4:4
28 Tagairtí Cros  

Anois atá breitheamhnas an tsaoghail seo ann; anois atá prionnsa an tsaoghail seo le ruagadh.


Ní labharfad mórán eile libh, óir atá prionnsa an tsaoghail seo ag teacht: agus ní fhuil baint ar bith aige liom‐sa;


i dtaobh an bhreitheamhnais, de bhrigh go bhfuil breitheamhnas tabhartha ar phrionnsa an tsaoghail seo.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; chum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéadh a fhios ag an saoghal gur chuiris uait mé, agus go dtugais grádh dhóibh‐sean, fá mar thugais grádh dhamh‐sa.


Créad adéarfaimíd annsin i dtaobh na neithe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia bhéas ’n‐ár n‐aghaidh?


Acht cheana, ins na neithibh sin go léir atáimíd thar a bheith bhuadhach de bhárr an té thug grádh dhuinn.


Acht ní h‐é spiorad an tsaoghail fuaramair‐ne, acht an spiorad thig ó Dhia; chum go mbéadh eolas againn ar na neithibh bhronnas Dia go fial orainn.


An biadh do’n bholg, agus an bolg do’n bhiadh; acht cuirfidh Dia deireadh leo araon. Anois ní le h‐aghaidh striapachais atá an cholann, acht le h‐aghaidh an Tighearna; agus atá an Tighearna le h‐aghaidh na colna.


san dream dí‐chreidmheach go bhfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoghail seo, chum nach ndeallróchadh solas glórmhar Chríost, íomháigh Dé, ortha.


Agus cia an cóimhcheangal atá idir teampall Dé agus íodhla? óir is sinne teampall Dé bhí; mar adubhairt Dia, Déanfad cómhnaidhe ’n‐a measc, agus siubhalfad ’n‐a measc; béidhead‐sa im’ Dhia aca, agus béidhid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


’n‐a raibh sibh ag siubhal roimh ré do réir cúrsa an tsaoghail seo, do réir prionnsa cumhachta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easumhlachta.


chum go ndéanaidh Críost cómhnaidhe ’n‐bhur gcroidheachaibh tré chreideamh: ar mhodh, ar mbeith dhaoibh fréamhuighthe agus bunuighthe i ngrádh,


I ndeireadh scéil, bidhidh tréan san Tighearna agus ’n‐a neart mór‐chumasach.


A chlann bheag, atáim ag scríobhadh na neithe seo chugaibh chum nach ndéanfaidh sibh peacadh. Agus má ghníonn aoinneach peacadh, atá abhcóide againn i bhfochair an Athar, Íosa Críost fíréan:


Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid. Do scríobhas chugaibh‐se, a chlann bheag, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an Athair.


óir má chionntuigheann ár gcroidhe sinn, is mó Dia ’ná ár gcroidhe, agus is eol dó an uile nidh.


Agus an té choimheádas a aitheanta, cómhnuigheann sé ann, agus cómhnuigheann seisean ann. Agus air so aithnighmíd go gcómhnuigheann sé ionnainn, tríd an Spiorad thug sé dhúinn.


Is air so aithnighmíd go gcómhnuighmíd ann, agus go gcómhnuigheann seisean ionnainn, de bhrigh gur roinn sé a spiorad linn.


Agus d’aithnigheamar an grádh atá ag Dia dhúinn, agus do chreideamar ann. Is grádh é Dia; agus an té chómhnuigheas san ngrádh, cómhnuigheann sé i nDia, agus cómhnuigheann Dia ann.


Is daoine de chlainn Dé sinne: an té go bhfuil aithne aige ar Dhia éisteann sé linn; an té nach bhfuil ó Dhia ní éisteann sé linn. Air so is eadh aithnighmíd spiorad na fírinne agus spiorad an tseachráin.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go bhfuil an saoghal ar fad fá chumhacht na h‐ainspioraide.


Óir buadhann ar geineadh ó Dhia ar an saoghal, agus is é do bhuaidh ar an saoghal, ná ár gcreideamh‐na.


Agus rugadar buaidh air tré fhuil an Uain, agus tré bhriathar a bhfiadhnaise: agus níor chuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí