Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 4:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Is air so aithneochas sibh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas Íosa Críost tháinig san gcolainn, is ó Dhia atá sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Is air seo a aithneoidh sibh Spiorad Dé: gach sprid dá n-admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcorp collaí is ó Dhia é,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Is as so is aitheanta dhíbh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas go dtainic Iósa Críosd a gcoluinn, is ó Dhía atá sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 4:2
10 Tagairtí Cros  

Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne.


D’á bhrigh sin do‐bheirim le tuigsin daoibh nach n‐abrann aon duine, Atá Íosa malluighthe, agus é ag labhairt le Spiorad Dé; agus nach bhféadann aon duine, Is é Íosa an Tighearna, a rádh, acht tríd an Spiorad Naomh.


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


i dtaobh Briathair na beathadh (is eadh, do foillsigheadh an bheatha, agus do chonnacamar í, agus atáimíd ag tabhairt fiadhnaise, agus atáimíd ag fógairt na beathadh dhaoibh, an bheatha mharthannach do bhí leis an Athair, agus do foillsigheadh dhúinne);


Cibé duine shéanas an Mac, ní fhuil an tAthair aige: an té admhuigheas an Mac, atá an tAthair aige, leis.


Cibé duine admhóchas gur ab é Íosa Mac Dé, cómhnuigheann Dia ann, agus cómhnuigheann seisean i nDia.


agus gach spiorad nach n‐admhuigheann Íosa, ní ó Dhia atá sé: agus is é spiorad an ain‐chríosta é, go gcualabhar scéal go raibh sé le teacht; agus atá sé san tsaoghal cheana féin.


Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh.


Óir atá a lán mealltóir imthighthe amach san tsaoghal, nach n‐admhuigheann Íosa Críost tháinig san gcolainn. Atá a leithéid seo ’n‐a mhealltóir agus ’n‐a ainchríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí