Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Is air seo a aithneoidh sibh Spiorad Dé: gach sprid dá n-admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcorp collaí is ó Dhia é,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Is air so aithneochas sibh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas Íosa Críost tháinig san gcolainn, is ó Dhia atá sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Is as so is aitheanta dhíbh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas go dtainic Iósa Críosd a gcoluinn, is ó Dhía atá sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 4:2
10 Tagairtí Cros  

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d'aon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d'aon duine ach oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.


Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.


foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne.


Gach duine a shéanann an Mac, níl an tAthair aige ach an oiread. An té a admhaíonn an Mac, tá an tAthair freisin aige.


Cibé admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia.


Agus gach spiorad a shéanann Íosa, ní ó Dhia dó, ach is é spiorad an Ainchríost é ar chuala sibh go raibh sé le teacht; agus atá ar an saol cheana féin.


Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh.


Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí