Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 4:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 A dhaoine na páirte, ná creidigí do gach uile sprid ach cuirigí féachaint ar na spridí lena fheiceáil an ó Dhia dóibh; mar is iomaí fáidh bréige a chuaigh amach faoin saol.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A cháirde ionmhaine, ná creididh gach aon spiorad, acht déanaidh fromhadh ar na spioraidibh, d’fhéachain an ó Dhia atáid: de bhrigh go bhfuil a lán fáidhe bréige imthighthe amach san tsaoghal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 4:1
29 Tagairtí Cros  

D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.


Géilleann an duine saonta do gach scéal, ach ní thugann an duine críonna léim an daill.


Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna;


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


“Má deir aon duine libh ansin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ ‘Féach, ansiúd é,’ ná creidigí é.


Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh?


Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.


Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.


“Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu.


Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.


Maidir leis na fáithe, ná labhraíodh thar beirt nó triúr agus déanadh an chuid eile a gcaint a mheas.


ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla.


Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith


gan bheith suaite go héasca in bhur n‑aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos domsa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin.


Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain.


Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí - daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú.


Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.


A chlann liom, is é an ré dheiridh é, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil - uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann.


A chairde cléibh, ní aon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus sí an tseanaithne sin an focal a chuala sibh.


Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.


A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.


Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí