Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 3:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Agus cónaíonn lucht coinnithe a aitheanta ann, agus é iontu. Agus is air seo a aithnímid go bhfuil sé ina chónaí ionainn, ar an Spiorad atá bronnta aige orainn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus an té choimheádas a aitheanta, cómhnuigheann sé ann, agus cómhnuigheann seisean ann. Agus air so aithnighmíd go gcómhnuigheann sé ionnainn, tríd an Spiorad thug sé dhúinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Oír an tí choimhéudas a aitheanta comhnuighe sé ann, agus eisean annsan. Agus is as so aithnighemíd eisean do bheith na chomhnuighe íonnuinn, as an Sbioruid tug sé dhúinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:24
21 Tagairtí Cros  

Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.”


Spiorad na Fírinne, nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibhse é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.


ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n‑aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.


Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh.


Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh


Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.


An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosáin é le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonn ionainn.


Ach maidir libhse, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibhse freisin sa Mhac agus san Athair.


Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.


Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.


An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean.


Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh.


A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí