Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 8:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Labhair Íosa leo arís, agus dúirt sé, “Is mise solas an domhain; an té a bhíos do mo leanúint ní shiúlfaidh sé sa dorchadas, ach beidh solas na beatha aige.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Ar an adhbhar sin, labhair Íosa leo arís, ag rádh: Is mise solus an domhain: an té a leanas mise, ní shiubhlann sé san dorchadas, acht béidh solus na beatha aige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Annsin do labhair Íosa leo arís, g‐á rádh, Is mise solas an domhain, an té leanas mé ní siubhalfaidh sé i ndorchadas, acht béidh solas na beathadh aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ansan do labhair Íosa airís agus dubhairt sé: Mise solus an domhain; an t-é a leanfaidh mé ní shiubhlóchaidh sé sa doircheacht, ach beidh aige solus na beatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchadas, ach beidh aige solas na beatha.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 8:12
31 Tagairtí Cros  

D'fhuascail sé m'anam ó dhul síos san uaimh, Agus beidh mo shaol faoi sholas.”


Óir saorfaidh tú lucht na huirísle ach umhlóidh tú lucht an díomais.


Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé - “maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht” -


Tá solas á nochtadh don fhíréan, agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh.


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.


Chuir tú go mór lena n‑áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.


Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”


Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt.


solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”


Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.


Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas chun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.” Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d'imigh agus cheil é féin orthu.


Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.


Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.


Agus an daorbhreith, is mar seo í: mar gur tháinig an solas isteach sa saol, agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.


Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.


An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil.”


Mar sin é an t‑ordú atá faighte ón Tiarna againn: ‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i d'ábhar slánaithe go himeall an domhain.’ ”


nárbh fholáir don Chríost fulaingt agus solas a fhógairt don phobal agus do na gintlithe trína bheith ar an gcéad duine a d'éireodh ó mhairbh.”


Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh.


Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;


Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchacht, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid.


tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.


Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.


Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí